Tréaslaíonn Citysmarts le buaiteoir an Chomórtas Fiontraíochta na Mic Léinn

0
983
Citysmarts -buaiteoir

Théis an iomaíocht ar fad a bhí ann le cúpla seachtain anuas treaslaíonn Citysmarts le buaiteoir an Chomórtas Fiontraíochta na Mic Léinn.

Bhí an grúpa óg ó Choláiste na Choiribe in iomaíocht le roinnt mhaith grúpaí eile ó cheann ceann na tíre sa Comórtas Fiontraíochta na Mic Léinn agus cé ná raibh an bhua acu tréaslaíonn siad leis an buaiteoir Abbey Breads.

Manus Heenan, ó Co Uíbh Fhaillí a bhuaigh an chomórtas amach is amach ar deireadh.

An Comhlacht a bhí aige ná Abbey Breads, agus le cabhair ón oidis a bhí ag na manaigh thar chéad bliain ó shin d’éirigh leis an ógánaigh an lámh an uachtar a fháil ar na comhlachtaí eile agus an bhuaigh sé an comórtas amach is amach.

Labhair Matthew Talbot, baill do Citysmarts a bhí in iomaíocht sa comórtas Fiontraíochta mar ionadaí do Co na Gaillimhe faoin comórtas agus cé go raibh díomá ar nár bhuaidear an chomórtas theastaigh uaidh comhgairdeachas a gabháil le Abbey Breads.

“Bhí na háiseanna i bPáirc an Crócaigh thar cinn. Bhí sé an deas ar fad. Thart ar an comórtas féin bhí go leor teannas san áit nuair a bhí na moltóirí ag dul timpeall, go háirithe mar ní raibh sé soiléir cén órdú nó cén áit a tharla an moltóireacht.

“Bhí daoine an-tógtha lenár dtáirge agus dúirt siad ba cheart dúinn forbairt go dtí áiteanna eile sa tír. Táimid cinnte go ndéanfaimid é sin a thriail sa todhchaí.

“Faoi dheireadh ba mhaith linn comhghairdeachas a rá le Abbey Breads, buaiteoir ó Uíbh Fhaillí.”

Cé ná raibh an bua ag Citysmarts i bPáirc an Crócaigh bhaineadar ana-thaithneamh as an taithí a fuaireadar agus tá siad chun leanúint ag treabhadh leo leis an Aip sa todhchaí.

Citysmarts - buaiteoir

Is léir go bhfuilidís faoi bhrón faoi láthair de bharr an chailliúnt ach beidh siad thar n-ais agus is féidir níos mó eolas a fháil faoin grúpa óg anseo.

Más mian libh an aistear a bhí ag an grúpa ógánach go dtí seo a leanúint is féidir é a dhéanamh anseo agus anseo