Soilse Tráchta thar n-ais ag obair ar Bóthar Áth Cinn

0
1892
Galway daily news Traffic lights at UHG out of action until next week

Tá na soilse tráchta thar n-ais ag obair ag acomhal Boidcíneach gar do Ionad Siopadóireachta na Gaillimhe ar Bóthar Áth Cinn.

D’imigh na soilse tráchta as ord thart ar a 4i.n. tráthnónna inné ach tá sé tuairiscithe ag AA Roadwatch go bhfuil na soilse ag obair arís.

Ag thart ar a 4.i.n trathnóna inné bhí an trácht níos measa ná mar a bhíonn de gnáth de bharr ná raibh na soilse ag obair.

Chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe beart bainistíochta tráchta in áit agus iad ag impí ar tiománaithe gan dul in aice na háite más féidir.

Bhí innealtóirí ag obair ar an fadhb agus tá sé ráite ag AA Roadwatch anois go bhfuil na soilse tráchta thar nais ag obair.

Tá sé tuairiscithe ag AA Roadwatch go bhfuil moill ar an trácht ar Bóthar Thuama ó An Pháirc Mhór go Bóthar na dTreabh.

Tá sé ráite ó thaobh an oirthear de tá an trácht trom ar Bóthar Muine Mheá agus tá an trácht gnóthach ar Bóthar Bhaile Átha Cliath freisin.

Iarrtar ar tiomáinithe foighne a bheith acu ar maidin agus iad ag fanacht i dtrácht.

Sula bhfágann sibh an tí, breathnaigh ar AA Roadwatch áit a tabharfar an eolas is déanaí maidir leis an trácht.