Seachtain na Gaeilge i lán tseoil sa Gaillimh.

0
1242

De réir mar atá na laethanta ag druidim ar aghaidh tá Seachtain na Gaeilge i lán tseoil agus imeachtaí ar siúl nach mór chuile lá.

Gaillimh Le Gaeilge

Tá Gaillimh le Gaeilge, a oibríonn le Gaeilge i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus grúpaí eile chun Stádas Dátheangach na Cathrach a fhorbairt agus a threisiú ar bís le Seachtain na Gaeilge.

Chun céiliúradh Seachtain na Gaeilge beidh Lón Gnó ar siúl ag Gaillimh le Gaeilge i mbialann 56 Central, 5/6 Sráid na Siopaí, Gaillimh ar an Céadaoin beag seo 7ú Lá de Mí an Mhárta.

Beidh an lón ar siúl idir a 1.00 i.n agus a 2.00 i.n agus táid ag súil go mór leis na gnólachtaí a fheiscint ann.

Bál Na Gaeilge

An dteastáíonn uaibh bhur scíth a ligeant ar feadh oíche? Tá deis agaibh sinn a dhéanamh ar an gCéadaoin le Bál na Gaeilge a bheidh ar siúl san Ostán Galway Bay ag 7.00 i.n.

Níl slí níos fearr ann chun bhur oíche a chaitheamh, ach a bheith gléasta suas i gúnaí álainn nó más fearr tú i culaith deas, tuxedo nó a leithéid.

Beidh strus oraibh go léir i gceann cúpla seachtaine agus an téarma ag druidim i dtreo an deireadh. Dá bharr sin cén fáth nach tógfaidh sibh an deis sásamh a bhaint amach le bhur cairde agus sibh i measc dream na Gaeilge ag céiliúradh an teanga.

Comórtas na bhFuinneog

Tá comórtas curtha ar siúl i mBéal Átha na Slua don Fhuinneog Siopa nó Ghnó is fearr a léiríonn cultúr Gaelach na tíre seo. Má dteastaíonn uait páirt a glacadh sa comórtas seo, nó má tá tuilleadh eolas uait is féidir dul i dteagmháil le Seosamh Ó Beirgin ag 086-3536085.

Coiméadaigí ag úsáid bhur cúpla focal agus baint sult as na himeachtaí ar fad atá ar siúl. Beidh an t-eolas is deireanaí faoin na himeachtaí againn comh luath agus is féidir.