Rith 5k istoíche ar son Croí i nGaillimh – 12ú Deireadh Fómhair

0
783
Rith ar son Croí - Galway Daily

I gceann cúig lá beidh an rith istoíche ar siúl ar son Croí i nGaillimh. Seo’d é an cheathrú bhliain as a chéile a bheas an rith ar siúl ar an Phromenade i mBóthar na Trá.

Ba chuma más siúlóir, bogshodaire nó reathaí tú tá sé nach mór am do bhróga reatha a chur ort agus tabhairt fé an rith bhliantiúil ar son Croí.

Beidh an rith ar siúl Dé hAoine an 12ú Deireadh Fómhair ag tosnú ag a 8i.n. agus tá fáilte á chur le leanaí fé 12 ach caithfear a bheith faoi maoirsiú dhuine fásta.

An aidhm atá ag Croí ná an troid i gcoinne galar croí agus stróc a threorú. le fócas ar leith ar Iarthar na hÉireann. An misean atá acu ná galar a chosc, saolta a shábháil agus aisghabháil agus folláine a chur chun cinn.

Déantar obair Croí a mhaoiniú ó fháltais imeachtaí tiomsaithe airgid, rannaíocaíochtaí deonacha agus daonchairdeas. Táid buíoch as an tacaíocht agus tacaíocht ó na deontóirí agus na n-oibrithe deonacha a thugann a gcuid ama agus acmhainní chomh fial.

Más mian leat a bheith páirteach ins an rith 5k a bheas ar siúl i gceann cúig lá, Aoine 12ú Deireadh Fómhair ní gá duit ach tú féin a chlárú ar an suíomh. Tá gach eolas ar na táillí le fáil anseo agus é éasca go leor tú féin a chlárú freisin.