Rabhadh Gaoithe Cóid Oráiste eisithe agus Stoirm Callum ar an bhealach

0
832
Galway Daily weather Overcast skies forecast for Bank Holiday Weekend weather

Tá rabhadh gaoithe cóid óráiste eisithe ag Met Éireann agus Stoirm Callum ar an bhealach anocht.

Théis rabhadh gaoithe cóid oráiste a thabhairt deir Met Éireann go mbeidh na gaoithe oirdheisceart ag aistriú deiseal i dtreo an iardheisceart ag séideán go ginerálta idir 100 agus 130km/u, níos airde in áiteanna cósta áirithe agus ar talamh aird. Mar aon le seal do bháisteach trom agus taoide airde tá baol ann do tuilte cósta agus damáiste.

Tá an rabhadh seo curtha in áit ag Met Éireann do Gaillimh, Dún na nGall, Maigh Eo, Sligeach agus Co. an Chlár ag tosú ar an Déardaoin 11ú Deireadh Fómhair go dtí 09:00 Dé hAoine an 12ú Deireadh Fómhair.

Ghlac Comhairle Cathrach na Gaillimhe na bearta seo a leanas mar fhreagra ar an eachtra atá tuartha.

  • Tá an Aquadam curtha in úsáid ag an Póirse Caoch.
  • Cuireadh geataí tuilte isteach i gcarrchlós Toft Park, Bóthar na Trá.
  • Tá málaí gainimh ar fáil le bailiú sna trí shuíomh seo a leanas ó 1.00i.n go dtí 16.00 inniu Déardaoin, An Póirse Caoch (os comhair Jury’s), Uisceadán Staisiún Dóiteáin agus Bóthar na Trá.

Beidh na bóithre agus carrchlós seo a leanas dúnta ó 8.ooi.n Dé Déardaoin an 11ú Deireadh Fómhair go dtí go dtugfar fógra breise.

  • Loch an tSáile ón acomhal le Bothar an Choláiste go dtí na Duganna.
  • Bothar na Trá & na bóithre gaolamhara (An Prom san áireamh) ón bealach isteach go Inis Caorach go dtí Bóthar na Mine.
  • Lána Slip Isteach ar Bhóthar Bhaile Átha Ciath ag an Óstán G.
  • Deisceart An Fhaiche Mhór (Óstán Meyrick)
  • Plás Victoria
  • Sráid na Banríona
  • Bóthar na nDuganna
  • Bóthar na Trá agus Carrchlós Toft Park.
  • Trá na gCeann

Deir Comhairle Cathrach na Gaillimhe go mbeidh foireann na Comhairle ar fáil chun cúnamh a thabahirt le crainn/glanadh srl, nuair a bheidh an stoirm imithe agus tráth a bheadh sé sábháilte don bhfoireann a bheith lasmuigh.

Tá sé ráite ag Comhairle Contae na Gaillimhe go bhfuileadar ag súil le tuilte ar bhealaí cósta i gContae na Gaillimhe, mar gheall ar na ghaoithe airde a bheadh le teacht. Tá comhairle á thabhairt do tiomáinaithe gan na bealaí cósta a úsáid anocht agus bealaí eile a úsáid.

Tá an Comhairle ag chur málaí gainimh lena mbailiú ag daoine a bhfuil a n-airíonna i gceantair leochaileacha:

Chinn Mhara – Scaipeadh 250 málaí gainimh dáilte ar an gCearnóg i Chinn Mhara, tá líon breise málaí gainimh líonta agus fágfar iad sa Chearnóg le húsáid ag iad siúd atá i bhfearais a d’fhéadfadh a bheith faoi lé tuilte. Má theastaíonn málaí gainimh ar bith eile, téigh i dteagmháil le hOifig na Comhairle i nGort – 091 509065.

Óran Mhór – Tá 5,000 málaí gainimh líonta ar fáil in ionad na Comhairle ins An Tóin Rua, Droichead an Chláirín. Tá soláthar breise málaí gainimh agus gaineamh ag an suíomh seo.

Is féidir an t-eolas is déanaí a fháil ó Comhairle Cathrach na Gaillimhe anseo agus Comhairle Contae na Gaillimhe anseo.