Pádraig Seoige ceaptha ina bhainisteoir fé 20 don bhliain 2019

0
847
Galway GAA Flag

Is é Pádraig Seoige(Joyce) atá théis a bheith ceaptha ina bhainisteoir caide fé 20 don bhliain 2019.

D’imir Seoige a chuid caide leis an club Cill Fhir Iarainn agus bhuaigh sé dhá Craobh Uile Éireann le Gaillimh.

Fógraíodh inné gurb é Seoige atá théis an ról bainistíochta a phiocadh suas.

Ainmníodh Seoige le haghaidh an ról an mhí seo chaite mar aon le Stíofán Seoige a raibh mar bhainisteoir ar an taobh míonúir, agus an iar bhainisteoir sinsireach Val Daly.

B’é Seoige a tháinig amach ar barr agus é ceaptha don ról bainistíochta don bhliain 2019.

Bhain Seoige 6 boinn sinsireach caide i Connacht sa tréimhse ar chaith sé ag imirt le Gaillimh sular d’éirigh sé as sa bhliain 2019.