Ógánach ón nGaillimh ainmnithe mar Ceoltóir Óg na Bliana 2019

0
885

Ógánach ón nGaillimh a raibh ainmnithe istoíche aréir mar Ceoltóir Óg na Bliana 2019.

Fógraíodh buaiteoirí ghradaim na bliana seo beo ar Nuacht TG4 tráthnóna inné, ag ócáid in Ionad Ealaíon Duncairn, i mBéal na Feirste agus ógánach ón nGaillimh a raibh ainmnithe mar Ceoltóir Óg na Bliana 2019.

B’é Conor Connolly ó Droichead an Chláirín, Co na Gaillimh an té a fógraíodh mar Ceoltóir Óg na Bliana 2019.

Boscadóir agus amhránaí é Conor a bhfuil a chuid ceoil agus amhráin fréamhaithe ina chontae dúchais – agus a leithéid Joe Coolley, Charlie Hariss agus P.J. Conlon, chomh maith le Tony Mac Mahon ina eiseamláirí aige.

Is é Gradam Ceoil TG4 an gradam ceoil thraidisiúnta is tábhachtaí ann, gradam a bhronntar uair gach bliain. Painéal moltóirí neamhspleácha a roghnaíonn na faighteoirí gach bliain. Ní comórtas é. Bronntar píosa speisialta dealbhóireachta ón dealbhóir clúiteach, John Coll, mar aon le síntiús beag, ar na faighteoirí.

Bronnfar Gradam Ceoil TG4 2019 ag mórcheolchoirm i Halla an Waterfront, Béal Feirste, an Domhnach an 17 Feabhra. Is iad Doireann Ní Ghlacáin agus Dónal O’Connor a chuirfidh an coirm cheoil, a chraolfar beo i láthair, áit a mbeidh cairde agus aíonna speisialta eile ceoil ar stáitse in éineacht le lucht na ngradam agus plúr na n-oirfideach agus réaltaí móra eile ann leo, leis an ócáid a chomóradh agus na gradaim á mbronnadh.