Leideanna agus treoracha don Scrúdú Gaeilge

0
1036
Scrúdaithe Stáit - Treoracha

Thosaigh na Scrúdaithe Stáit maidin inné le thart ar 6,000 scoláire ó mórthimpeall na Gaillimhe ag suí na scrúdaithe agus táimid anseo ag iarraidh leideanna agus treoracha a thabhairt daoibh don scrúdú Gaeilge.

Tá an chuid is measa thart anois a dhaltaí, an chéad scrúdú déanta agaibh agus sibh réidh anois chun tabhairt fé na chinn eile le dóchas. Beidh leideanna agus treoracha againn anseo don scrúdú Gaeilge.

Beidh an scrúdú Gaeilge ag teacht suas go luath agus b’shin cheann a chuireann isteach ar go mór daoibh ach má leanann sibh na nodanna seo beidh sibh togha.

Ar an gcéad dul síos, ná bí buartha faoi duine ar bith eile ar an lá. Coiméad d’aigne ort féin agus tú ag tabhairt aghaidh ar d’áit chun suí.

Páipéar a 1 a bhíonn i gceist an chéad lá, agus bíonn an cheann sin níos éasca le tabhairt fé ar dtús.

Cúpla nodanna chun tú féin a ullmhú don páipéar sin ná:

  1. Déan cleachta ar na léamhthuiscint sa mbaile.
  2. Léamh na ceisteanna cúpla uair sula scríobhann tú rud ar bith.
  3. Ansin déan an alt nó gné a léamh arís théis na ceisteanna a léamh – tugann seo am duit níos mó eolas a bhaint ón téacs a bheadh níos oiriúnaí mar fhreagra.
  4. Fág i dhóthain am duit féin chun dul siar ar na cheisteanna agus tú féin ag críochnú an scrúdú.
  5. Nuair atá tú ag tabhairt fé na h-aistí déan iarracht cheann a thógaint a mbeadh suim agat féin i.
  6. Bíonn sé deachair píosa a scríobh nuair nach mbíonn suim agat féin ann mar sin tá sé tábhachtach go phiocfaidh tú teideal a mbeadh tú sásta le.
  7. Déan seisiún ransaithe smaointe ar an gcéad dul síos sula scríobhann tú rud ar bith.
  8. Tá sé tábhachtach go mbeadh tús, lár agus deireadh don scéal ach ní gá dóibh bheith in ord ach oiread.
  9. Bígí ag faire ar an chlog agus tabhair i dhóthain am duit féin na focail is oiriúnaí a n-úsáid.

Is féidir frásanna úsáideacha don scrúdú scríofa Gaeilge a fheiscint anseo.