Láithreoir TG4 ainmnithe mar Ambasadóir na Gaeilge do Chloich Cheann Fhaola

0
907
Caitlín Nic Aoidh - Galway Daily

Tá an láithreoir de chuid TG4 Caitlín Nic Aoidh théis a bheith ainmnithe mar Ambasadóir na Gaeilge do Chloich Cheann Fhaola.

Tír Chonallach ó dhúchais í Caitlín Nic Aoidh agus í ainmnithe anois mar Ambasdóir na Gaeilge do Chloich Cheann Fhaola, Dún na nGall, don bhliain 2018/2019.

Láithreoir Aimsire agus leanúnachais le TG4 í Caitlín Ní hAoidh agus bhí sí mar Ambasadóir do Sheactain na Gaeilge 2018 freisin.

Tá sé ráite aici gur pribhléid mór é a bheith mar Ambasadóir na Gaeilge don áit gurb as di.

Seo mar a dúirt Caitlín ar Twitter,

“Is mór an onóir dom a bheith mar ambasadóir na Gaeilge do mo pharóiste sa bhaile. Ag tnúth go mór an Ghaeilge a chur chun cinn i gCloiche Cheann Fhaola.”

Bhí Coiste Pleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola breá sásta freisin gurb í Caitlín Nic Aoidh, láithreoir TG4 a bheas mar ambasadóir na Gaeilge don pharóiste 2018/2019.

Bunaíodh an choiste chun lucht labhartha na Gaeilge a mhéadú agus buanú a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge mar theanga teaghlaigh i gChloich Cheann Fhaola.

Seo mar a dúirt Choiste Pleanáil Teanga CCF ar Twitter maidir le Caitlín Nic Aoidh,

“Tá lúchair ar Pleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola go mbeidh Caitlín Nic Aoidh ag feidhmiú mar Ambasadóir na Gaeilge do Chloich Cheann Fhaola, 2018/2019. Beidh Caitlín ag cabhrú linn an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar.”