Inniu Spriocdháta le haghaidh Gairm ar Pháipéar don Siompóisiaim

0
726
Galway Daily news NUIG and GMIT receive almost €500k for mental health supports

Inniu an 7ú Lúnasa an spriocdháta le haghaidh Gairm ar Pháipéir don Siompóisiaim ar Shochtheangeolaíocht na dTeangacha Ceilteacha.

Reachtáilfear an triú Siompóisiaim ar Shochtheangeolaíocht na dTeangacha Ceilteacha in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar an 16 agus 17 Samhain 2018.

Mealladh scoláirí ilghnéitheacha atá ag obair sna réimsí éagsúla a bhaineann le teangeolaíocht agus le gnéithe soch-chultúrtha na dteangacha Ceilteacha chuig na Siompóisiamaí roimhse seo.

I mbliana táthar ag súil le hilghnéitheacht scoláireachta den chinéal céanna faoin téama ‘Pobail i mbun Comhrá.’ Faoin téam sin, is mian leo breis chomhoibrithe a chothú idir scoláirí agus gníomhaithe sóisialta atá ag obair i dtreo chaomhnú na dteangacha Ceilteacha laistigh den phobal féin.

Cuirfear fáilte roimh achoimre de 250 focal gur féidir a líonadh isteach ar an bhfoirm Google thíos. Tugtar cuireadh duit mar scoláire machnamh criticiúil a dhéanamh faoin slí ar bhféadfadh do chuid oibre leas a dhéanamh d’iarrachtaí caomhnaithe ag leibhéil an phobail agus abairt nó dhó faoi sin a chur san achoimre.

An aidhm le seo ná comhtá tairbheach a chothú le linn an tSiompóisiaim faoi iarrachtaí leanúnacha agus féideartha caomhnaithe teanga agus táthar ag súil le deis a chur ar fáil chun na nascanna nó na dúshláin a bhaineann le nascanna den chineál sin a chruthú, idir scoláirí agus tograí phobail a phlé.

Fáilteofar roimh achoimrí i mBéarla nó in aon cheann de na teangacha Ceilteacha (tabhair faoi deara go n-iarrtar leagan Béarla den achoimre má scríobhtar i dteanga Cheilteach í).

Is féidir cur i láthair a thabhairt i do rogha teanga Cheilteach ach ní bheidh seirbhísí aistriúcháin/ateangaireachta ar fáil le linn an tSiompóisiaim.

Inniu an 7ú Lúnasa an dáta dheireanach chun chur isteach ar seo agus is féidir an achoimre a líonadh isteach anseo.