Gradam i Rannóg na Gaeilge Buaite ag Bloc TG4 ag na Sockies aréir

0
1166

Bhuaigh Bloc TG4 gradam sa Rannóg na Gaeilge ag na Sockies san Ard Chathair.

Aréir d’fhreastal slua mór ar na Sockies – searmanas a bhíonn ann chun tacaíocht a thabhairt dos na gnólachtaí a bhaineann úsáid as na hárdán meáin soisialta chun chur leis an gnólacht.

Bíonn grúpaí agus gnólachtaí ainmnithe i catagóirí áirithe agus ar an oíche bronntar duais ar grúpa amháin i chuile catagóir.

Ag an searmanas san RDS aréir bhain Bloc TG4 amach an duais sa Rannóg Gaeilge, do Úsáid na Méain Shoisialta.

Tá Bloc ar an bhfód ó dheireadh na bhliana 2017 agus iad iontach sásta gur iadsan a bhain an duais amach sa rannóg Gaeilge aréir.

https://www.facebook.com/BLOCTG4/photos/a.10152053287861075.1073741831.360961036074/10156126970101075/?type=3&theater

 

Seo a leanas liosta iomlán dos na grúpaí a bhí ainmnithe sa catagóir Úsáid na Meáin Shoisialta:

Phiocadh Bloc amach as an chatagóir sin agus bronnadh gradam orthu do úsáid na meáin soisialta sa rannóg Gaeilge.

Tá Bloc TG4 dírithe ar lucht féachana atá idir 18-34 bliain d’aois agus bíonn pearsantaí láidir bainteach leis an ábhar físeán a cruthú.

Bíonn Mícheál Ó Ciaraidh (láithreoir Raidió na dTreabh freisin), agus Michael Griffin (múinteoir atá ar briseadh ón múinteoireacht ar feadh bliain go mór mór ag cur na físeáin i láthair.

É sin ráite bíonn mór chuid pearsantaí eile agus iad sa cúlra ag déanamh cinnte go mbíonn gach aon ní ag dul i gceart.

Beidh Bloc ag teacht beo ó Féile na Gealaí, féile cheoil agus cámpála i nGaeltacht Rath Chairn a bheas ar siúl tráthnóna inniu agus amárach freisin an 15-16ú Meitheamh.

Más mian libh faire ar an chaoi a mbeidh an imeacht sin ag dul thuas i Rath Chairn is féidir Bloc a leanúint ar Youtube, Facebook, Twitter, agus Instagram.

Comhgairdeachas mór le Bloc an duais a bhaint amach agus ar ndóigh beidís ag tnúth le a thuilleadh a bhuacaint sa todhchaí.