Díolachán Cácaí ar siúl Dé Sathairn 29ú Meán Fómhair

0
870
Díolacháin Cácaí - Galway Daily

Dé Sathairn beag seo an 29ú Meán Fómhair beidh Díolachán Cácaí ar siúl i Conradh na Gaeilge.

Beidh an díolachán cácaí ar siúl idir a 11 ar maidin agus 2 a chlog i Conradh na Gaeilge, Sráid Dominic.

Is ar son Gaeil na Gaillimhe atá an díolachán cácaí ar siúl agus iad ag iarraidh airgead a bhailiú don chéad séasúr eile.

Bunaíodh Gaeilge na Gaillinmhe CLG ag tús 2016 chun na cluichí Gaelacha agus an Ghaeilge a chur chun cinn i gCathair na Gaillimhe.

Anuraidh chuaigh foireann na mban agus foireann na bhfear chun páirce i sraitheanna agus craobhacha peile na Gaillimhe. Feidhmíonn an cumann go hiomlán trí mheán na Gaeilge agus táid ag fás agus ag forbairt i gcónaí.

Seo mar a labhair Gaeil na Gaillimhe maidir leis an Díolachán Cácaí a bheas ar siúl Dé Sathairn,

“Buailigí isteach go Club Áras na nGael Dé Sathairn seo má thaitníonn cístí agus cácaí deasa blasta libh.

“Rachaidh an t-airgead a bhailítear i dtreo an chumainn, agus muid cheana féin ag ullmhú don bhliain seo chughainn.

“Bígí i dteagmháil freisin má tá uaibh bhur scileanna bácála a chur ar fáil.”

Bliain iontach a bhí ann don chlub i mbliana agus lá stairiúl bainte amach ag na foireann na mban ar an 22ú Meán Fómhair.

Is féidir Gaeil na Gaillimhe a leanúint ar Facebook agus Twitter agus táid ag tnúth le slua a bhailiú ar an Sathairn 29ú Meán Fómhair.