Deontas ceadaithe do Chonamara chun bád sábháilteachta a cheannach

0
1073
Deontas ceadaithe chun Pháirc an gCeathrú Rua a gcoimeád gearrtha - Galway Daily

Tá an Aire Stáit Seán Kyne théis deontas suas go €15 míle a ceadú do Spraoi Mara, Conamara, chun bád sábháilteachta a cheannach.

Inné an 11ú Nollaig a d’fhógair Seán Kyne T.D, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, go bhfuil deontas suas le €15,079 ceadaithe aige do Spraoi Mara chun bád sábháilteachta a cheannach.

Tá an deontas seo ceadaithe do Spraoi Mara le bád sábháilteachta a cheannach chun cur ar a gcumas cur leis na cúrsaí farraige a bhíonn ar bun acu i gCeantar na nOileán, ar an gCeathrú Rua agus ar fud Chonamara.

Leis an mbád nua seo, a bheidh feistithe go speisialta do chathaoireacha rothaí, beidh ar chumas na heagraíochta freastal ar dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu.

Cuireann Spraoi Mara cúrsaí cadhcála agus snorclála ar fáil do pháistí, do dhéagóirí agus do dhaoine fásta araon, chomh maith le campaí samhraidh a reáchtáil trí mheán na Gaeilge.

Tá an fhoireann cáilithe don chúram agus déantar na himeachtaí uile a reáchtáil trí mheán na Gaeilge. Cuirtear béim ar champaí uisce don aos óg agus dírítear isteach ar bhunscoileanna, iarbhunscoileanna agus ar institiúidí tríú leibhéal.

Cuirtear oiliúint ar fáil do na rannpháirtithe trí scileanna cadhcála agus sábhála a theagasc trí mheán na Gaeilge. Eagraítear cúrsaí/campaí le linn an tsamhraidh agus, go dtí seo, d’éirigh go maith leo.

“Is cúis áthais dom a bheith ábalta maoiniú a cheadú don eagraíocht seo,” a dúirt an tAire Stáit Kyne.

“Tá sé iontach tábhachtach go mbeidh deis ag daoine an leas is fearr is féidir a bhaint as na hacmhainní nádúrtha atá ina dtimpeall.

“Beidh Spraoi Mara anois ábalta cur lena gcúrsaí do dhaoine áitiúla agus do thurasóirí agus é sin a dhéanamh ar an dóigh is sábháilte is féidir.”