Cúrsa MA nua in OÉ Gaillimh ag dul ar aghaidh le duine amháin ar an gcúrsa

0
856
Galway Daily news International Criminal Court Chief Prosecutor

Tá Cúrsa MA nua in Ollscoil na hÉireann Gaillimh ag dul ar aghaidh le duine amháin cláraithe ar an gcúrsa.

Ceithre mhí ó shin d’fhógraíodh go mbeadh cúrsa MA nua á chur ar fáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus a bheas ag tosnú i Mí Mheán Fhomhair.

Ag an am fógraíodh go mbeadh 15 áit le fáil ar an gcúrsa, ach thosaigh an MA nua, MA Cleachtas Gairmiúl ar an 13ú Mhéan Fhomhair agus duine amháin cláraithe don gcúrsa.

Seo mar a bhí le rá ag Aodh Ó Coileán, duine de na teagascóirí ar an gcúrsa,

“Is duine amháin a thosaigh ar an MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin), Déardaoin, 13 Meán Fómhair 2018.

“Bhí triúr le tosnú, thit iarrthóir amháin amach cúpla lá roimh an tús mar gheall ar chúsrsaí sláinte. D’éirigh iarrthóir  eile as an oiche roimhré ar chursaí pearsanta. Ba chúis díomá dúinn é sin ach cinneadh dul ar aghaidh leis an gcúrsa i mbliana.”

Labhair Aodh freisin maidir leis an easpa fógraíocht a bhí ann maidir leis an MA nua.

“Ní raibh an MA nua fógraithe i bhfad agus ní déanadh mórán margaíochta air go dtí seo. Cuirtear béim anseo ar thimthriall margaíochta na hOllscoile agus bhíomar beagán deireanach ag dul i mbun margaíochta ar an MA nua don bhliain acadúil 2018/19.

“Is iondúil a thosnaítear i mí Mheán Fómhair na bliana roimhe – Meán Fómhair 2017 sa chás seo.”

Ar an Aoine bhí Meamram Comhthuisceana sínithe idir OÉ Gaillimh agus RTÉ chun clár nua MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) a chur ar fáil, le béim ar an bhfoghlaim phraiticbhunaithe trí mheán na Gaeilge i stiúideonna éagsúla de chuid RTÉ.

MA Nua - Galway Daily
Dee Forbes, Ceannasaí RTÉ and An tOllamh Ciarán ó hÓgartaigh, Uachtarán OÉ Gaillimh ag siniú Meamram Comhthuisceana idir OÉ Gaillimh agus RTÉ chun clár nua MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) a chur ar fáil, le béim ar an bhfoghlaim phraiticbhunaithe trí mheán na Gaeilge i stiúideonna éagsúla de chuid RTÉ