Comórtas EPSO d’Aistritheoirí Gaeilge molta ag an Aire Stáit Joe McHugh

0
879
Aire Stáit Joe McHugh ag moladh do cainteoirí Gaeilge iarratais a chur isteach ar poist Aistritheoir Gaeilge - Galway Daily

Tá an tAire Stáit Joe McHugh T.D., ag moladh go láidir do chainteoirí Gaeilge iarratas a chur isteach ar na poist mar Aistritheoirí Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh a fógraíodh le déanaí.

Inné an 14ú Meán Fómhair mhol an tAire Stáit don Gaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D., do chainteoirí Gaeilge iarratas a chur isteach ar na poist mar Aistritheoirí Gaeilge.

Seo mar a dúirt an tAire McHugh,

“Cuireann na poist seo flúirse deiseanna ar fáil do chainteoirí Gaeilge ó thaobh forbairt gairme agus taisteal idirnáisiúnta”.

“De bharr go bhfuil stádas oifigiúil á thabhairt dár teanga agus go mbeidh sé mar theanga oibre san AE, tugann an feachtas earcaíochta seo deis ar leith do chainteoirí Gaeilge dul ag obair, cur fúthu agus gairm a bhaint amach dóibh féin i gcroílár na hEorpa.”

Dúirt an tAire McHugh freisin:

“Ní chaithfidh iarrthóirí ar na poist seo céim a bheith acu sa Ghaeilge ná i léann an aistriúcháin.  Mar sin, táim ag moladh do chéimithe a labhraíonn Gaeilge, ó réimse acadúil ar bith, a macnamh a dhéanamh ar na poist atá á dtairiscint sa Bhruiséal agus i Lucsamburg”.

“Bheadh na hiarrthóirí cuí á gcur féin díreach ag croílár an AE. Cabhróidh siad tuiscint níos fearr a chothú maidir leis an méid a bhíonn ar bun ag institiúidí na hEorpa agus, ag an am céanna, beidh bród orthu mar go mbeidh gach píosa oibre a dhéanfaidh siad ag cuidiú le cosaint agus tacaíocht a thabhairt dár dteanga náisiúnta”.

“Tá éileamh ann don Ghaeilge agus cuireann na poist seo deiseanna iontacha gairme agus saoil ar fáil, agus mar sin molaim go láidir do chéimithe iarratas a chur isteach.   D’oirfeadh na poist seo freisin do dhaoine a labhraíonn Gaeilge, ar tuismitheoirí iad a bhfuil a gclann tógtha acu agus a bhfuil dúshlán nua níos déanaí sa saol á lorg acu.”

Glacfar le hiarratais anois go dtí an Déardaoin , 20 Meán Fómhair 2018.

Rinne an tAire McHugh an glao ar iarratais ag an am chéanna a sheol an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta feachtas meán sóisialta faoin bhfeachtas earcaíochta.

Is féidir féachaint ar an bhfíseán anseo.

Tá an comórtas seo á reáchtáil ag EPSO (an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne) chun suas le 72 phost d’aistritheoirí Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh a líonadh. Tá na poist, a bhfuil scála tuarastail a thosaíonn ag €4,707 sa mhí agus a ardaíonn go €5,326 ag dul leo, lonnaithe sa Bhruiséil agus i Lucsamburg.

Is féidir iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas earcaíochta ar an suíomh gréasáin earcaíochta www.jobs.eu-careers.eu. Tá an comórtas oscailte do chéimithe ollscoile, lena n-áirítear iad sin a bhainfidh céim amach in 2018, a bhfuil sárthuiscint acu ar an nGaeilge agus tuiscint chuimsitheach ar dhá theanga oifigiúla eile den AE ar a laghad, lena n-áirítear Béarla, Fraincis nó Gearmáinis.