Club Iomraimh-Cheathrún Rua ar aistear nua Rámhaíochta

0
1022
Club Iomraimh sa Curach

Tá Club Iomraimh, Na Ceathrún Rua tosnaithe ar aistear nua rámhaíochta i gcomhair leis an Cónaidhm Rámhaíocht Cósta na hÉireann atá tar éis an bád ‘Fodla’ a thabhairt ar iasacht dóibh ar feadh an tséasúr.

Bunaíodh an Cónaidhm Rámhaíocht Cósta na hÉireann i 1992 chun na clubanna agus eagraíochtaí go léir mórthimpeall an t-oileáin a thabhairt le chéile agus i 2002 bunaíodh an Cumann Rámhaíochta Cósta Ciarraí le JP O’ Súilleabhán mar an chéad Cathaoirleach, Rúnaí Norma Muircheartaigh, Oifigeach Caidreamh Poiblí Mary B Teahan agus an Cisteoir Johanna King.

Le obair dian díograiseach is é an cumann is mó sa tír é le clubanna ó Dheisceart Ciarraí agus Ciarraí lár, áit a mbíonn na ceithre adhmaid ráimhí traidisiúnata á n-úsáid acu, agus na clubanna ó Cill Áirne le na traidisiúnta séanna agus anois tá Baile Uí Thaidhg agus An Fhianat, uilig sásta leis an bád One Design.

I 2002 thánadar suas leis an choinceap báideanna One Design a bheith acu mar go bhfuil an méad sin báideanna rámhaíochta traidisiúnta agus difriúl mórthimpeall an Chontae. Is é an príomhaidhm a bhí leis an bád One Design ná chun níos mó daoine a spreagadh an spóirt a piocadh suas.

Is é an bád a fuair an Ceathrún Rua ná bád iasachta gur leis an Cónaidhm Rámhaíochta Cósta na hEireann é mar gur fuair an Cónaidhm Rámhaíochta Cósta na hÉireann deontas 3 bhliain ó shin chun 3 chinn do na bháideanna sin a cheannach.

Taréis na báideanna a cheannach bhíodar in ann iasactaí a thabhairt do clubanna gur theastaigh uathu an cinéal ramhaíochta sin a thriail agus ansin d’fhéadfaidís bád a cheannach iad féin dá mba rud é gur thaitin an stíl ramhaíochta sin leo.

Tá thart ar 4,000 ramhaithe chósta mórthimpeall Éireann agus is traidisiún é atá ag fanacht beocht agus beatha go mór mór mar bíonn an Regatta an cheann is mó sa tír mar is féile trí lá a bhíonn i gceist.

I mbliana is i Loch Garman ar an 16ú/17ú/18ú lá de Mí Lúnasa a bheidh sé an Craobhchomórtais Uile Éireann do Rámhaíocht Cósta ar siúl agus beidh Club Iomraimh an Ceathrún Rua mar an chéad ionadaíocht ariamh don Gaillimh.

De bharr go mbeidh Club Iomraimh an Ceathrún Rua páirteach leis an Cónaidhm Rámhaíochta Cósta na hÉireann agus an Regatta, sé an darna uair ariamh a mbeidh an curach ag na comórtaisí.

Bhí Máire B Teahan, Oifigeach Caidreamh Poiblí ag labhairt faoin bhunús agus fás atá ag baint leis an Cónaidhm mar aon leis an tábhacht a bhaineann leis an aistear nua don Ceathrún Rua.

“Táimíd chomh sásta agus ar bís Gaillimh a bheith againn ag na Craobhchomórtaisí Uile Éireann do Rámhaíochta Cósta agus tá clubanna eile ag taispeánt suim rud a mbeidh go maith don todhchaí.”

Bhí Mary B Teahan ar bís leis an scéal ar fad go háirithe leis an tslí go bhfuil Gaillimh le bheith bainteach leis an Cónaidhm anois.

“Táimíd ar bís leis an Ceathrún Rua. Seo tosach an aistear don Gaillimh anois. An céad céim dóibh ná a bheith rannpáirteach sa craobhcomórtais ramhaíochta cósta is mó in Éireann.”

“Is oiléan náisiúnach sinn, ná úsáideann ár uisce i dhóthain ach tá súil againn go mbainfidh Club Iomraimh an Ceathrún Rua sult as agus go tabhairfidh sin deis dos na clubanna eile sa Gaillimh,” lean sí ar aghaidh.

Is féidir tuilleadh eolas a fháil faoi Cónaidhm Rámhaíochta Cósta na hÉireann trí dul chuig http://www.facebook.com/irishcoastalrowing/

Ádh mór le Club Iomraimh an Ceathrún Rua ar an aistear nua atá ar mbun acu leis an Rámhaíochta.