Camus Uachtair, i nGaeltacht Chonamara a bheas ar Bailte TG4 anocht

0
1165

Is Camus Uachtair, baile fearainn i nGaeltacht Chonamara a bheas le feiscint ar an Sraith nua Bailte ar TG4 anocht.

Thosaigh an Sraith nua Bailte an tseachtain seo chaite agus an tseachtain seo is baile fearainn i nGaeltacht Chonamara, Camus Uachtair a bheas á díriú isteach air ar an gclár.

Sraith nua é Baile ina dtabharfaidh Síle Nic Chonaonaigh cuairt ar bhailte fearainn ó cheann ceann na tíre chun an ceangal a bhíonn ag daoine leis an áit ar tógadh agus ar fáisceadh iad a fhiosrú.

Tá breis is seasca míle baile fearainn in Éirinn agus sa tsraith trí chláir déag díreofar ar bhaile fearainn amháin i ngach clár. Caithfidh Síle Nic Chonaonaigh seal i measc mhuintir an bhaile fearainn agus cuirfidh eolas agus aithne ar phearsana agus ar thréithe gach ball ar leith.

Tabharfaidh Síle faoi aistear fuinniúil ó cheann ceann na tíre chun ár gcuid bailte fearainn a chéiliúradh agus léargas a fháil ar na pobail a mhaireann iontu, an cultúr as ar fáisceadh iad, na slite beath a chothaíonn iad, agus an tírdhreach a mhúnlaíonn iad.

I gCamus Uachtair, baile fearainn i nGaeltacht Chonamara, 30 míle siar ó chathair na Gaillimhe a bheas Síle anocht. Tá pobal de thrí scór duine ar an mbaile ina gcónaí cois cladaigh agus timpeall Chnoc Chamuis.

https://www.facebook.com/aniartv/videos/533633403790572/

Is féidir an clár a fheiscint anocht, Dé Céadaoin an 16 Eanáir ag a 8.30i.n.