Beirt éirithe as Bord Stiúrthóirí na Taibhdheirce agus beirt ball nua toghadh

0
1362
Súil siar agus ar aghaidh ar saol na Taibhdheirce - Galway Daily

D’éirigh beirt as Bord Stiúrthóirí na Taibhdheirce agus toghadh beirt bhall nua.

D’éirigh Seán Mac Giollarnáth agus Seosamh Ó Maodhbh as Bord Stiúrthóirí na Taibhdheirce. Thosaigh Seán Mac Giollarnáth sa Taibhdhearc nuair a ghlac sé páirt i nGeamaracht sa bhliain 1966.

 

Tá seirbhís fhada tugtha aige don amharclann mar aisteoir, mar chomhalta boird agus mar chathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí na Taibhdheirce.

Tá seirbhís cosamar le leathchéad bliain tugtha ag Seosamh Ó Maodhbh de bhuní Ros Muc don Taibhdhearc.

Ag an gCruinniú Cinn Bliana ar an Luan an 14 Eanáir 2019, toghadh beirt bhall nua ar Bhord Stiúrthóirí na Taibhdheirce.

Toghadh Orla Kig as na Doireadha, Conamara agus Trevor Ó Clochartaigh as an Aird Mhóir, Cill Chiaráin, Conamara ó dhúchas.

Seo mar atá Bord Stiúrthóirí na Taibhdheirce faoi láthair:

Aodh Ó Coileáin (Cathaoir)
Mícheál Ó Meallaigh (Rúnaí)
Máire Ní Chonláin
Deirbhile Ní Bhrolcháin
Óigie Ó Céilleachair (as Gaeltacht na nDéise ach ag obair i Luimneach)
Mairéad Ní Chualáin
Dr Siobhán Nic Fhlannchadha (as Maigh Cuilinn ach ag obair i mBaile Átha Cliath.)
Trevor Ó Clochartaigh (Cisteoir)
Orla King

De réir bhunreacht na Taibhdheirce, is téarma trí bliana atá ag Cathaoirleach Bhord na Stiúrthóirí.  Is féidir leis nó léi an dara téarma as a chéile a bheith aige nó aici ach ní féidir dul thairis sin.

Is téarma ceithre bliana ar an mBord atá ag na baill eile ar Bhord Stiúrthóirí na Taibhdheirce ach féadfar iad a atoghadh ar feadh téarma amháin eile ach gan dul thairis sin. Ní rachaidh líon na Stiúrthóirí thar naonar (9).

Chaith Trevor Ó Clochartaigh seal ina Stiúrthóir Ealaíne ar an Taibhdhearc i dtús na nochaidí.  Tá sé fostaithe mar Bhainisteoir Cumarsáide TG4 faoi láthair.  Iar bhall de Sheanaid Éireann é Trevor.

Is le cúrsaí achmhainní daonna a oibríonn Orla King, chaith sí tréimhsí ag obair le Telegael, Eo Teilifís, TG4 agus Údarás na Gaeltachta.

Beidh taispeántas speisialta ag an Taibhdhearc mar chomóradh ar Chéad Dáil Éireann in Ionad Siopadóireachta na Faiche Móire, Dé Luain, 21 Eanáir 2019 ag 3.30pm.

Beidh paráid sráide ag fágaint na Taibhdheirce, 2.50pm á tionlacan ag Banna Píob na Tullaí Co. an Chláir.  Tabharfaidh an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh atheasc ó stáitse na Taibhdheirce ag 5.30pm Dé Luain seo chugainn.