Beidh Seó Mór Futa Fata ar siúl in Indreabhán ar an Domhnach

0
1108
Leabhar nua á sheoladh amárach - Galway Daily

Dé Domhnach beag seo an 25ú Samhain beidh Seó Mór Futa Fata ar siúl ins an Indreabhán.

Is teach foilsitheoireachta é Futa Fata atá lonnaithe ar an Spidéal agus ar an Domhnach beag seo 25ú Samhain tá Séo Mór ar siúl acu ins an Seanscoil Sailearna, Indreabhán.

Seolfar 4 leabhair nua ag an Seó Mór seo agus i measc na haíonna beidh na scríbhneoirí, na maisitheoirí, ceoltóirí Caitlín Ní Chualáin, Tadhg Mac Dhonnagáin agus páistí scoile ó Scoil Sailearna, Indreabhán.

Seo a leanas liosta dos na ceithre leabhair nua a bheas á seoladh ar an Domhnach beag seo ag a 4i.n.

Peigín Leitir Móir – Tadhg Mac Dhonnagáin

Eagrán céiliúrtha 10 mbliana le clúdach crua agus ‘dust jacket’. An leabhar céanna seachas sin leis na hamhráin aitheanta agus an leabhar maisithe ag Cartoon Saloon.

Beag Bídeach – Sadhbh Devlin & Róisín Hahessy

Tá grá ag Nína dá dheartháir Jimí, ach uaireanta cuireann sé isteach uirthi. Ba bhreá le Nína a bheith bídeach ionas go bhféadfadh sí dul chun cónaithe lena cairde na bábóga. Nach mbeadh an saol i dteach bábóige, gan imní, go hiontach ar fad?

Percy Péacóg – Gemma Breathnach & Tarsila Kruse

Tá Percy Péacóg cúthail. Ní maith leis go mbeadh aird air. Ach tá rud amháin mór, álainn, ildaite ag baint le Perct a tharraingníonn go leor aird air!

Mo Theachín gan Chuma gan Chaoi – Julia Donaldson & Alex Scheffler, aistrithe ag Tadhg Mac Dhonnagáin

Níl an tseanbhean pioc sásta – tá a teachín i bhfad róbheag di, fiú do dhuine amháin. Cad is féidir a dhéanamh? Bhuel, tá plean suimiúl ag seanfhear cliste a thagann an tslí. Ach an mbeidh an tseanbhean sásta má bhíonn a teachín lán d’ainmhithe?

Chuirfear fáilte roimh cách a bheith i lár in aonaigh ins an Indreabhán ag a 4i.n. Dé Domhnach beag seo an 25ú Samhain don Seó Mór Futa Fata áit a mbeidh 4 leabhair nua á sheoladh.