Beidh an Scáileán Mór thar nais san Fhaiche Mór do Craobh na hÉireann

0
907
Scáileán Mór san Fhaiche Mór

Tá sé fógartha go mbeidh an scáileán mór thar nais san Fhaiche Mór do Craobh na hÉireann.

Dúradh go mbeidh an scáileán mór thar nais san Fhaiche Mór do Cluiche Ceannais Craobh na hÉireann, mar a bhí anuraidh agus na sluaite daoine bailithe chun faire ar an bua a bhí ag an Gaillimh i gcoinne Port Láirge.

Lá den scoth a bhí ann leis an ghrian ag scoilteadh na gcloch agus beifear ag tnúth go mór leis an Cluiche Ceannais arís i mbliana agus iad dóchasach go mbeidh an ghrian ag taithneamh dóibh siúd a mbeidh san Fhaiche Mór ag faire ar an Cluiche Ceannais.

Bhí Méara na Gaillimhe ag obair i gcomhair leis an Comhlacht Gnó Cathair na Gaillimhe agus iad ag iarraidh ceadúnais a fháil chun an scáileán mór a thabhairt ar ais go dtí an Fhaiche Mór i mbliana.

Dúirt Méara na Gaillimhe, Niall McNelis go raibh sé fíor shásta go bhfuilid théis an ceadúnas a fháil don scáileán mór agus tá sé ag spreagadh na gnónna ar fad sa cathair chun teacht amach ar an lá agus tacaíocht a thabhairt d’fhoireann na Gaillimhe.

Beidh Cluiche Ceannais Craobh na hÉireann ar siúl ar an Domhnach an 19ú Lúnasa áit a mbeidh an Gaillimh ag tabhairt aghaidh ar Luimneach. Táthar ag súil go mbeidh Gaillimh, seaimpíní Craobh na hÉireann 2017 in ann an seilbh a choiméad ar Corn Liam McCarthy, do bliain eile, ar aon nós.