An tUachtarán Ó hUigínn le freastal ar Féile Ealaíon na Gaillimhe

0
798
Uachtarán ó hUigínn ag freastal ar Seirbhís Comórtha an deireadh seachtaine seo

Tá an tUachtarán Ó hUigínn le freastal ar an Féile Ealaíon na Gaillimhe agus é ag oscailt an mhír “First Thoughts.”

Maidin Dé Satharn beag seo an 21ú Iúil beidh an tUachtarán Ó hUigínn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus é ag oscailt an mhír “First Thoughts” ag Féile Ealaíon na Gaillimhe i mbliana.

Tá Féile Idirnáisiúnta Ealaíne na Gaillimhe ar an bhfód le 41 bliain i mbliana agus is eagrúchán cultúrtha é, a feidhmíonn mar an Féile Idirnáisiúnta Ealaíne na hEorpa amach ar tosaigh. Forbraíonn sé agus feidhmíonn saothar nua agus déantar turasanna go náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Is é atá mar aidhm, ag na snáithe “First Thoughts” den fhéile, ardán a sholáthar le haghaidh smaointe agus cainteanna spreagúla.

Ina aitheasc déanfaidh an tUachtarán machnamh ar choincheap “an Baile”, téama lárnach fhéile na bliana seo.

Leanfaidh Féile Ealaíon na Gaillimhe ar aghaidh an tseachtain seo le mórchuid d’imeachtaí ag tárlú i rith an lae agus istoíche. Muna bhfuil ticéidí faighte agaibh cheana féin ba chóir daoibh ticéidí a fháil do BAOITE -sárdhráma scríofa ag Darach Mac an Iomaire.

Don chuid is mó tá fotheidil ar an dráma ach ba chór dul mar is léiriúchán dochreidte é le aisteoireacht don scoth.

Gan dabht tá níos mó dhrámaí eile agus imeachtaí ar siúl agus chun liosta iomlán dos na imeachtaí a fheiscint is féidir iad a fháil anseo.

Is ag a 10.00 r.n. a bheas an mír “First Thoughts” á oscailt ag an tUachtarán Ó hUigínn in Ollscoil na hÉireann Gaillimhe, Dé Satharn beag seo an 21ú Iúil.