Tionscnamh Uaillmhianach Dramaíochta sa Taibhdhearc an Samhradh seo.

0
991
BAOITE - Taibhdhearc

Tá tionscnamh uaillmhianach dramaíochta le bheith ar siúl sa Taibhdhearc an samhradh seo.

Léireoidh An Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, an dráma nuascríofa BAOITE le Darach Mac Con Iomaire mar chuid de Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíne na Gaillmhe i mí Iúil.

Bhí ócáid ar siúl in Óstán an Meyrick i gCathair na Gaillimhe ag a 6i.n. tráthnóna Déardaoin, áit a dheineadh BAOITE a sheoladh mar chuid de chláir Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíne na Gaillimhe.

Tá Féile Idirnáisiúnta Ealaíne na Gaillimhe ar an bhfód le 41 bliain i mbliana agus is eagrúchán cultúrtha é, a feidhmíonn mar an Féile Idirnáisiúnta Ealaíne na hEorpa amach ar tosaigh. Forbraíonn sé agus feidhmíonn saothar nua agus déantar turasanna go náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Scéal iontach a tháinig ón ócáid ar an Déardaoin ná go raibh BAOITE roghnaithe le bheith bainteach leis an Féile Idirnáisiúnta Ealíne na Gaillimhe.

Scéinseir é BAOITE faoin lánúin iascaireachta atá sáite in agóid in aghaidh comhlacht idirnáisiúnta fraiceála mara. “…is é ciúnas a chreimfeas an ceantar seo – níos measa ná ceimiceán ar bith…” Cothaítear teannas sa dúthaigh, sa phobal, ‘sna lánúin agus sa duine aonair go dtí go gceistítear an beart atá ceart agus an beart nach bhfuil.

Tá an Taibhdhearc, Amharclann na Mainistreach agus Féile Idirnáisiúnta Ealaíne na Gaillimhe tagtha le chéile chun an dráma nuascríofa seo a stáitsiú á stiúr ag an údar, Darach Mac Con Iomaire.

Glacfaidh na haisteoirí Macdara Ó Fátharta, Siobhán O’ Kelly, Diarmuid de Faoite agus Seán T. Ó Meallaigh páirt sa dráma. Is é an t-ealaíontóir Árannach, Seán Ó Flaithearta a bheidh i mbun dearaidh. Dúirt Cathaoirleach Bhord na Taibhdheirce, Aodh Ó Coileáin:

“Soláthraíonn an pháirtnéireacht seo deiseanna nua don drámaíocht trí Ghaeilge. Uaireanta luaitear fáinne fí le soláthar drámaíochta ar ardchaighdeán i nGaeilge.

“Cuirtear argóintí chun cinn faoi fhairsinge an lucht féachanna agus dá réir an fiú airgead mór a chaitheamh ar na léiriúcháin.

“Ar an taobh eile de, níl seans ar bith lucht féachana mór a mhealladh gan an caighdéan léiriúcháin cuí agus ar ndóigh cosnaíonn sé seo airgead.

Tá buiséad substaintiúil á chaitheamh ag an Taibhdhearc ar léiriú an dráma BAOITE an samhradh seo.”

Aithnítear sa Taibhdhearc an gá atá le comhpháirtíochtaí d’fhonn obair den chaighdeán is fearr a chur i gcrích.

“Choimisinigh Amharclann na Mainistreach an saothar BAOITE ó Dharach Mac Con Iomaire” arsa Ó Coileáin “agus tá an Mhainistir ag infheistiú roinnt airgid sa leiriú freisin.

“Tá comhléiriúcháin den chineál seo thar a bheith tábhachtach don Taibhdhearc d’fhonn drámaí d’ardchaighdeán a stáitsiú.

“Tá Amharclann Náisiúnta na Gaeilge ag brath ar dheontas bliantiúil €320,000 ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, bítear ag iarraidh drámaí a chur ar stáitse, an foirgneamh a reachtáil agus foireann a fhostú ar an tsuim airgid seo.

“Caithfear níos mó drámaí a chomhléiriú, tá ciall ealaíona agus eacnamaíochta leis.”

Feicfear BAOITE ar stáitse na Taibhdheirce: 12-22 Iúil. Réamhthaipeántais 12-14 Iúil, 7.30i.n agus ag 2i.n 14 & 22 Iúil.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Emer O’ Flatherty, Bainisteoir na Taibhdheirce, 091562024, nó ag emer@antaibhdhearc.com