Tionscnamh Marcóirí Achair Snámha ar ghearrliosta agus ar thóir do vhóta

0
835
Baoi Snámha Gaillimh - Galway Daily

Tá tionscnamh marcóirí achair snámha i mBóthar na Tra Gaillimh ainmnithe ar ghearrliosta do dhuais idirnáisiúnta.

Tá an tionscamh marcóirí achair snámha i mBóthar na Trá ainmnithe ar ghearrliosta do dhuais idirnáisiúnta a aithníonn comhpháirtíochtaí a d’athraigh spásanna uirbeacha isteach i spásanna gníomhacha.

Mar aon le Éireann tá tíortha eile roghnaithe ag an Cumann Spóirt agus Cultúir Idirnáisiúnta – ISCA, san áireamh tá an Bhulgáir, An Cholóim, An Danmhairg, An Ghearmáin, Liobáin, Málta, An Rúis agus An Bhraisíl.

Tionscnamh é na marcóirí achair snámh atá ag iarraidh snámh a chuir chun cinn agus chun daoine a spreagadh le bheith níos gníomhaí. Tá cúig baoi snámha ar na faid seo a leanas, 100m, 250m, 500m, 700m agus 1000m athshuiteáilte sa bhfarraige i Cathair na Gaillimhe, Bóthar na Trá.

Cuireann réimse na mbaoi fad snámh ardú céime don dul chun cinn leis an aim ná an faid a mhéadú. Is é seo an chéad tionscnamh dá leithéid in Éireann agus tá aiseolas an dearfach faighte aige ón daonra.

Más mian leat vóta a thabhairt don tionscnamh seo atá tosnaithe i nGaillimhe agus atá ar an ngearrliosta anois, is féidir do vhóta a chaitheamh anseo.

Níl ach dhá fágtha le do vhóta a chaitheamh agus vóta amháin atá ceadaithe do chuile dhuine. Má chuireann tú vóta isteach níos mó ná uair amháin ní dhéanfar iad a chomhaireamh.