The Connacht Hotel – Fógartha mar Threibh Nua na Gaillimhe

0
992
Gradam_2018 - Pheadair Uí Fhlatharta

Fograíodh The Connacht Hotel mar Threibh Nua na Gaillimhe ag Bronnadh Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018.

Bhí ceann de na hóstáin is mó in Iarthar na hÉireann – The Connacht Hotel – ainmnithe mar ‘Threibh Nua na Gaillimhe’ don bhliain 2018.

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Pobail, Acmhainní Nádúrtha agus Forbairt Dhigiteach, Seán Kyne, TD, gurb é an t-óstán a bhuaigh príomhghradam an dátheangachais do ghnólachtaí na Gaillimhe – Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh.

Is ag searmanas speisialta an Ghradaim in Óstán Bhóthar na Trá ar an nDéardaoin 24ú Bealtaine 2018 a fógraíodh an té a bhuaigh an príomhghradam.

Tugtar aitheantas chuile bhliain ag an ócáid seo d’iarrachtaí lucht gnó na cathrach an Ghaeilge a chur chun cinn i nGaillimh – Cathair Dhátheangach na hÉireann agus atá le bheith ina Príomhchathair Chultúir na hEorpa i 2020.

Is é An Connacht Hotel a bhuaigh an Catagóir ‘Fáilteachais & Turasóireachta’, faoi urraíocht ‘Fáilte Ireland’, agus thug siad leo an Gradam mór níos deireanaí aréir.

Chuir an Connacht Hotel isteach ar an nGradam den chéad uair sa bhliain 2016 agus bhain siad amach an duais chatagóire an bhliain sin agus arís anuraidh.

Tá an Ghaeilge le feiceáil go soiléir ar a gcuid comharthaíochta, ar bhiachláir, ar ábhar margaíochta agus tá eolas d’aíonna ar fáil go dátheangach.

Tá roinnt mhaith ball foirne acu tá in ann seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil freisin. Is gné thábhachtach dá straitéis do mhargaíocht dhigiteach í an Ghaeilge anois le bliain anuas agus tá siad ag úsáid na haischlibe #AgFanachtsaConnacht.

Tá an Ghaeilge á núsáid i gcuid dá bhfíseáin bolscaireachta agus ar na meáin sosialta. Chomh maith leis sin, tá siad imithe go mór i bhfeidhm ar ghnónna eile sa Connacht Hospitality Group.

Bhí roinnt mhaith buaiteoirí eile fógartha ar an nDéardaoin:

  • Sa Chatagóir ‘Miondíola’, urraithe ag Galway Bay FM, b’iad Siopa Leabhar agus Dánlann Ui Chionnaith Teo, a thug an duais leo.
  • Sa Chatagóir ‘Seirbhísí’, urraithe ag Snap Galway, is iad Sweeney Oil a thug leo an duais.
  • Sa Chatagóir ‘Comhlachtaí Eile’, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, is iad iSupply a chroc leo an duais.

Ag labhairt thar ceann na moltóirí, dúirt Freda Nic Giolla Chatháin, Príomhfheidhmeannach Ghnó Mhaigh Eo:

“Chuaigh gach uile ghnólacht ar an ngearrliosta i bhfeidhm go mór orainn – tá obair iontach ar siúl acu go léir chun an Ghaeilge a chur chun cinn ina ngnó.

“Bhí sé le brath go mór go raibh bród ar na gnólachtaí as an nGaeilge agus as an stádas oifigiúil atá ag cathair na Gaillimhe mar chathair dhátheangach agus go bhfuil an teanga i gcroílár na bpleananna atá acu agus iad ag ullmhú do Gaillimh 2020.

“Is léir go n-aithníonn siad an luach a bhaineann le húsáid ár dteanga dhúchais mar uirlis mhargaíochta, agus go bhfeiceann siad na buntáistí a bhaineann le infheictheacht na Gaeilge ar chomharthaí nó ar ábhair ghnó mar aon le seirbhís trí Gaeilge a chur ar fáil.”

Ag labhairt ag an mbronnadh dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Pobail, Achmhainní Nádúrtha agus Forbair Dhigiteach, Seán Kyne TD:

“Tréaslaim go speisialta leis na gnólachtaí agus leis na heagraíochtaí fuinniúla atá anseo tráthnóna a bhain an gearrliosta amach.

Tá dearcadh agus iompar dearfach agaibh i leith úsáid na Gaeilge agus is iontach a fheicéail an chaoi a bhfuil sí fite fuaite go bródúil agus gan stró in bhur ngníomhaíochtaí ó lá go lá. Molaim sibh as an gcur chuige seo.”

Labhair Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge Bernadette Mullarkey ag an ócáid chomh maith agus dúirt sí:

“Déanaim comhgairdeas leis na buaiteoirí go léir agus tréaslaím libh as bhur gcuid oibre ar fad ag cothú stádas dátheangach uathúil na cathrach.

“Tá fás agus forbairt tagtha ar an nGradam i gcaitheamh na mblianta agus tá sé anois ar cheann de na tograí is tábhachtaí atá ag Gaillimh le Gaeilge i dtaca leis an nGaeilge a chur chun cinn i gcathair na Gaillimhe.

“Is iontach an rud é go raibh tionchar chomh fairsing agus dearfach sin ag an nGaeilge ar ár stádas mar chathair dhátheangach , a bhuíochas leis na gnónna a ghlacann páirt ann.”