Taispéantas le bheith ar siúl i bPort Omna an tSeachtain seo chughainn

0
728
bPort Omna

Ar an 23ú lá de Mí Bhealtaine, seolfar saothar úr ealaíon atá bunaithe ar scéal maidir le thuras a rinne iascairí as Carna i gConamara ó Cill Caoil i gCo an Dúin agus thar nais arís go dtí Carna sna 1950aidí.

Beidh an ócáid seo ar siúl ag a 7i.n. ar an Céadaoin an 23ú lá de Mí na Bealtaine in Ionad Teacht na mBocht i bPort Omna, Co na Gaillimhe.

Cheannaigh Gael-Linn na báid le cabhair a thabhairt d’iascairí Charna nach raibh báid acu le hinill iontu agus iad ag dul i gcoimhlint leis na trálaeir mhóra san Atlantach.

Cuireadh na báid chuig Cill Chaoil ionas go gcuirfí innill iontu agus i measc na daoine a dhein obair orthu bhí Bill Quinn, a bhí i gceannas ar an mbádchlós ina dhiaidh sin.

Shocraigh Bill Quinn agus beirt innealtóirí eile, Mervyn McElewaine, a bhí ina mhúinteoir agus ina chainteoir Gaeilge, san áireamh, go ndéanfaidís an turas abhaile i dteannta na hiascairí. Thóg Mervyn ceamara leis ar an turas agus ghlac sé grianghraif áille den turas siar.

Sheol na hiascairí na báid i dtionlacan síos cois cósta chomh fada leis an Rinn i mBaile Átha Cliath agus siar ansin ar na huiscebhealaí tríd Bheannachar, thar Phort Omna agus Cill Dalua, tríd Ard na Croise, amach go Béal na Sionainne agus as sin abhaile go Carna.

Is cuimhin le Páraic Ó Cheoinín, a rinne turas in éineacht lena athair, a bhí ina bhuachaill 12 bliain d’aois ag an am, agus atá fós ag plé le hiascaireacht, go raibh gasúir ag béiceadh orthu ó na bruacha, ag iarraidh go dtabharfaí ‘spin’ dóibh sna báid.

Is cuimhin leis freisin go raibh faitíos orthu agus iad ag dul síos an loc ollmhór ag Árd na Croise agus go raibh daoine áitiúla ag casadh ‘Men of the West’ dóibh agus iad stoptha thar oíche ar bhruacha na huiscebhealaí.

Thug Oireachtas na Gaeilge cuireadh do bheirt ealaíontóirí as Conamara freagairt don scéal eachtraíochta seo agus is torthaí a gcuid oibre atá sa taispéanta.

Tá ríméid ar Steve Dolan, Bainisteoir Theach na mBocht i bPort Omna an taispeántas a óstáil.

“Tá áthas orm, thar ceann Theach na mBocht, go mbeidh an taispeántas fíor speisialta seo á thaispeáint anseo san Ionad.

“Tá dlúthbhaint ann idir ár n-usicebhealaí, go sonrach Abhann na Sionainne agus Loch Deirgeirt i gcás Phort Omna, agus ár stair shoisialta, chultúir, mhíleata, eacnamaíochta agus pholataíochta.

“Snaidhmeann na huiscebhealaí muintir na Gaillimhe, thoir agus thiar le chéile agus tá sé iomlán féiliúnach mar sin go mbeadh an saothar agus an scéal seo á roinnt san Ionad seo, Ionad a tógadh an chéad lá riamh de bharr na huiscebhealaí céanna.

“Is múnla maith é an chomhpháirtíocht seo idir muid féin agus ár gcairde in Oireachtas na Gaeilge le haghaidh tuilleadh caidrimh a chothú agus gníomhaíochtaí a roinnt trasna an chontae agus na tíre.

“Tá muintir an cheantair seo ag súil go mór leis an taispéantas ar leith seo a fheiceáil i bPort Omna.”

‘New Hope for Carna’ ceannteideal a bhí i nuachtán ag an am agus ina gearrscannán ‘Dóchas/Hope’ cíorann an t-ealaíontóir/amhránaí Ceara Conway téama molta, tragóide agus dóchais tríd amhránaíocht chomhaimseartha agus thraidisiúnta.

Seo mar a dúirt sí,

“Tá an saothar seo cumtha agam i bhfoirm turais nó oilithreachta, le píosaí taibhsithe scannánaithe ar an gCanáil Mhóir i mBaile Átha Cliath, in Ard na Croise, ar an Sionainn, i Luimneach agus i mBaile Átha Cliath.”

Chuir Ceara ensemble ar leith, ‘Water Ensemble’ le ceathrar ban eile le chéile don choimisiún seo, chun na cúig bhád a léiriú mar chúig ghlór agus le scéalta ceilte na mban sa scéal a chur in iúl.

In ‘Idir Dhá Linn’ le Nuala Ní Fhlathúin i bpáirt leis an scéalaí Máirín Mhic Lochlainn, baintear úsáid as seanghrianghraif, as tuairisc sna páipéar nuachta a foilsíodh ag an am agus as ‘comhraí catha’ (sléachtanna ornáideach, rithimiúla ón sean traidisiún scéalaíochta) chun spás samhaltach a cruthú don lucht féachana.

I dteannta seo beidh Máirín ag cur píosa scéalaíochta nua-chumtha i láthair.

“Sa saothar seo tugaim suntas d’fhís nua a bhí ann do cheantar Gaeltachta ag an am, agus pléim téamaí insint, athrá agus imeacht ama”, a deir Nuala.

Choimisúnaigh Oireachtas na Gaeilge an saothar seo le tacaíocht ón gComhaire Ealaíon, ó Uiscebhealaí Éireann agus ó Bhord Iascaigh Mhara/Flag West.

Beidh an taispéantas ar oscailt ag na hamannta seo a leanas: 7i.n. Dé Céadaoin 23ú Bealtaine – Seoladh agus Oscailt
9.30r.n. – 5i.n. Déardaoin 24ú Bealtaine – Dé Domhnaigh 3ú Meitheamh.