Tá dóchas ann go mbeidh Gearoid McInerney feabhsaithe don Cluiche Ceannais

0
797
Gearoid McInerney - Galway Daily

Táthar dóchasach go mbeidh an cúlaí láir Gearoid McInerney feabhsaithe chun imirt i Cluiche Ceannais Craobh na hÉireann i gceann coicíse.

Beidh an Gaillimh ag tabhairt aghaidh ar Luimneach i Cluiche Ceannais Craobh na hÉireann i gceann coicíse agus táthar ag súil go mbeidh Gearoid McInerney ábalta imirt.

Ghortaigh McInerney a rúitín coicís ó shin nuair a d’imir siad i gcoinne an Clár i Cluiche Leath Ceannais Craobh na hÉireann agus cé go raibh sé ainmnithe le tosnú san ath-imirt inné níor tugadh chun páirce é.

Tá Bainsiteoir na Gaillimhe ag súil go mbeidh McInerney feabhsaithe agus go mbeidh sé in ann imirt don Cluiche Ceannais.

Deir sé freisin nach síleann sé go mbeidh an foireann traochta agus lag ag dul isteach sa Cluiche Ceannais cé go raibh dhá cluiche deachair acu i gcoinne an Chlár, leis an chéad cluiche ag dul go am breise.

Tá coicís anois ag leaids na Gaillimhe chun briseadh a thógaint agus chun iad féin a ullmhú do Cluiche Ceannais Craobh na hÉireann.

Beidh Cluiche Ceannais Craobh na hÉireann ar siúl ar an 19ú Lúnasa i bPáirc an Crócaigh ag 3.30i.n., áit a tabhairfidh an Gaillimh aghaidh ar Luimneach agus iad ag súil leis an Corn Liam McCarthy a choimeád sa Ghaillimh don tarna bliain as a chéile.