An Taibhdhearc Óg – Spásanna ar fáil don Campa Samhraidh

0
941
Stair agus Scéal na Taibhdheirce - Galway Daily

Tá spásanna ar fáil i gcampa samhraidh dramaíochta na Taibhdheirce, 2018 – An Taibhdhearc Óg.

Cuirfear campaí samhraidh drámaíochta ar siúl d’aisteoirí óga idir 8-12 bliain d’aois darbh ainm ‘An Taibhdhearc Óg’.

Beidh na campaí samhraidh seo ar siúl i nGaelscoil Dara, Rinn Mhóir, Gaillimh idir an 2ú agus an 13ú Iúil le seans iontach d’aisteoirí óg obair le Cillian Ó Donnchadha agus James Riordan.

Oibríonn Cillian Ó Donnchadha mar chúntóir drámaíochta ó d’fhág sé an choláiste, ag stiúrú cúrsaí timpeall an Bhreatain Bheag agus Éire.

D’oibrigh sé trí Ghaeilge ar TG4 mar aisteoir, láithreoir, agus aisteoir guth (Ros na Rún, Seacht, A Terrible Beauty, Fraggle Rock, Ben Ten, SpongeBob Square Pants).

Tá oiliúnt ag James Riordan in amharclannaíocht fisiciúil. Tá taithí aige ar stáitsí idirnáisiúnta agus timpeall na hÉireann agus ghlac sé páirt Gloria Galánta i ngeamaireacht na Taibhdheirce an bhliain seo chaite.

Múineann sé le Blue Teapot maraon le Galway Actor’s Workshop agus is cheann de na stiúirthóirí léirithe le Macnas é.

Beidh an campa ar siúl ar na dátaí seo a leanas:
Campa 1 – 02-06 Iúil 2018 agus Campa 2 – 09-13ú Iúil 2018 ó 10r.n. – 2i.n. chuile lá.

Séard a mbeidh ar bun ag dáltaí an champa ná ceardlanna éagsúla agus beidh taispeántas gearr ar an Aoine deireanach den gcampa.

Beidh ceardlann acu sa Tobchumadóireacht ina múnófar do na daltaí na rialacha bunúsacha tobchumadóireachta trí chluichí taitneamhacha lán le fuinneamh, chun a gcumas oibriú le daltaí eile a fheabhsú agus chun níos mó muiníne a chruthú iontu.

Déanfaidh siad ceardlann i gcumadh drámaí agus beidh siad ag beartú radharcanna a fhorbrófar i léiriú ag deireadh na seachtaine. Agus radharcanna tobchumtha acu, bainfidh na daltaí úsáid as scileanna beartaithe chun a léirithe agus an radharc féin a leagan amach.

Foghlaimeoidh na daltaí faoin gceird ar a gcuirtear ‘Foley’. Beidh siad ag déanamh ceardlann ar obair Foley i bhfoirmiad seinm raidió. Múinfear an ceardlann seo do na daltaí faoi na cleasa a mbíonn ag ealaíontóir Foley.

Freisin tabharfar an deis dóibh cumhacht na fuaime san amharclannaíocht a fheiceáil agus a fhiosrú. Beidh deis ag daltaí cleachtadh a fháil le puipéadóireacht agus mascanna.

Beidh deis ag na daltaí úsáid a bhaint as a scileanna nuabhainte chun súil a chaitheamh ar an domhan puipéadóireachta agus úsáide mascanna. Cuirfear na ranganna ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Mar atá luaite i ráiteas ó Chathaoirleach Bhord na Taibhdheirce, Aodh Ó Coileáin, ní fios cá bhfeicfidh muid daltaí an champa seo sa thodhchaí ach is dócha go mbeidh rannpháirtithe an champa seo ullmhaithe i gceart d’éisteachtaí na Taibhdheirce as seo amach, geamaireacht na Nollag ach go háirithe!

“Tá craic iontach ag baint leis an stáitse agus an drámaíocht, is ann a thosaigh mise! Aithnítear an drámaíocht mar bhealach éifeachtach chun cumas intleachtúil agus fisicúil an duine óig a fhorbairt.

“Cothaíonn an amharclannaíocht féinmhuinnín agus teacht i láthair agus ar ndóigh, cabhraíonn sí le cumas Gaeilge na rannpháirtithe.

“Le cabhair mascanna puipéadóireacht agus cumadóireacht ar an bpointe boise, níl aon dabht ach go mbainfear an-spraoi agus tairbhe as na campaí samhraidh seo.

“Cá bhfios nach bhfeicfí cuid d’aisteoirí óga na gcampaí samhraidh ar stáitse na Taibhdheirce amach anseo? Is mó duine a sheas ar stáitse na hamharclainne úd: Mick Lally, Tara Bhreathnach, Marc Mac Lochlainn, Diarmuid de Faoie, Siobhán Ó Kelly, Neasa Ní Chuanaigh…” dar leis.

Consnóidh an gcampa €75 an dalta don tseachtain agus caithfear clárú roimh Déardaoin an 29 Meitheamh – https://www.jotform.com/build/81644398352363

Is féidir táille an champa seo a íoc tí chárta creidhmheasa/dochair ag An Taibhdhearc, nó ar an bhfón, nó seic a sheoladh chuig: An Taibhdhearc, 19 An tSráid Láir, Gaillimh, in ainm AN TAIBHDHEARC, nó ar líne.

Is féidir tuilleadh eolas a fháil trí glaoch a chur ar oifig na dTicéad ar 091-562024 nó trí ríomhphost ag eolas@antaibhdhearc.com