Sneachta na Gaeilge? – Imeachtaí sa Gaillimh curtha ar athló

0
1006

Sneachta ollmhór tar éis titim i nGaillimh thar oíche agus stádas dearg churtha in áit go dtí 6 a chlog um tráthnóna leis an sneachta fós ag teacht síos go tiubh tapaidh in áiteanna.

De bharr an sneachta agus an aimsir dona tá imeachtaí a bhí le bheith ar siúl do Seachtain na Gaeilge churtha ar ceal mar réamhchúram sábháilteacht.

Bhí an Taibhdhearc le taispéant an ‘SONG OF GRANITE’ ar maidin ach chuireadh ar ceal é agus beidh dáta nua le teacht chomh luath agus is féidir.

Arna stiúradh ag Pat Collins, scannanóir Éireannach a bhfuil an-aird air, is scannán é ‘SONG OF GRANITE’ a chuireann saol an amhránaí sean-nós mór le rá Joe Heaney i láthair.

Ba é Joe Heaney duine de laochra na hamhránaíochta traidisiúnta Gaelaí agus ba dhuine diamhar agus cumasach é a rugadh i gConamara i 1919.

Roghnaíodh an scannán mar iontráil oifigiúl na hÉireann sa chatagóir Scannán i dTeanga Iasachta do na Oscars 2018.

Dhein an Taibhdhearc an cine inné Famelab a chur ar athló go dtí an Luan mar thoradh an ‘Sioc ar buile’ agus an sneachta throm. Is léir go bhfuil an aimsir ag cur isteach ar na gnólachtaí ar fad agus pleannana Seachtain na Gaeilge, ach ba chóir do gach duine éisteacht leis na foláireamh.

Fan slán sábháilte agus fan istigh go dtí go bhfuil an stádas dearg imithe.