Snámhatóin le bheith ar siúl ar an 23ú la de Mí Márta

0
877

Ar an 23ú lá de Márta beidh an Snámhatóin thar n-ais ag Club Vitae, Órán Mór. Thosaigh an imeacht seo i 2014 nuair a mhol duinne do bhaill Club Vitae snámhatóin séalaíochta 24 uair a chloig a rith.

Dúirt Hugh O’ Neill, ó Club Vitae, Órán Mór,

“I 2014, Le Lá Idirnáisiúta Siondróim Down ag teacht suas mhol, Branislay Radanovic (átá pósta le bean ó Carna), an imeacht a chur ar siúl ar son Guthanna do Siondróim Down na Gaillimhe.”

“Bhain mac Radanovic úsáid as na seirbhísí a bhíonn acu agus ní raibh mórán cistiú acu.”

An príomh aidhm atá ag Guthanna do Siondróim Down na Gaillimhe ná eolas, tacaíocht agus cairdeas a thabhairt do dhaoine le Siondróm Down mar aon leis an chlann uilig i Cathair na Gaillimhe agus an Chontae.

Táid ag oibriú i dtreo caighdéan do saol níos fearr le glacú agus meas do dhaoine le Siondróim Down mar baill luachach an phobal.

Aithníonn Guthanna do Siondróim Down na Gaillimhe an tábhacht a bhaineann le ionchur luath agus ábalt cumarsáide a fobairt.

An aidm eile atá acu ná deiseanna a cruthú do ionchuimsitheacht soisialta agus pearsanta thar speictream na haoise ar fad.

“Chuaigh Bran i dteagmháil le Guthanna do Siondróim Down na Gaillimhe chun ábhair promóisin agus cártaí urraíochta fháil”, dúirt Hugh.

“An smaoineamh a bhí ann ná go mbeadh 48 snámhaí ann ag déanamh triocha nóiméad an duine. Baileoidh chuile snámhaí airgead don catharnacht agus déanfaidís a snámh trí an méad faid agus is féidir a dhéanamh.”

“D’oibrigh an céad bliain amach go fíor mhaith agus thug níos mó daoine suim ann síos tríd na blianta.”

“Le ceithre bhliana anuas tá thart ar €30,000 bailithe i gcóir Guthanna do Siondróim na Gaillimhe. Le sin, bíonn maidin Caife á eagrú ag baill Club Vitae freisin.”

Beidh an swimathóin ag tosú ag a 6i.n. ar an 23ú lá de Mí an Mhárta agus críochnóidh sé ar a 6i.n. ar an 24ú lá. Imeacht deas don chlann é agus tá sé ar oscailt do chuile dhuine.

Is féidir tuilleadh eolas a fháil trí glaoch a chuir ar 091 792434 nó ríomhphoist a chuir chuig galway@clubvitae.com