Siúlóid Cuimhneacháin ar son Ospís na Gaillimhe ar an 9ú Meán Fomhair

0
1040
Siúlóid Cuimhneacháin - Galway Daily

Is ar an 9ú lá de Mí Mheán Fhomhair a bheas an Siúlóid Cuimhneacháin ar siúl.

Tosnóidh Siúlóid Cuimhneacháin na Gaillimhe 2018 ag a 12 meán lae ar an Domhnach an 9ú Meán Fomhair ó Halla an Cladach.

Leanfaidh an siúlóid an bealach traidisiúnta ó Halla an Cladach chuig An Charraig Dhubh agus thar nais arís – fad 6.5km san iomlán.

Sé an Siúlóid Cuimhneacháin an gníomhaíocht tiomsaithe airgid bliantúil is mó a bhíonn ag Ospís na Gaillimhe agus is imeacht speisialta agus pearsanta í do muintir na Gaillimhe.

Is i gcuimhneamh ar baill clainne, cara nó comhghleacaí atá imithe ar slí na fírinne an fáth go ghlactar páirt ins an Siúlóid Cuimhneacháin na Gaillimhe.

Caithfear clárú roimh an lá más mian leat páirt a glacadh sa Siúlóid Cuimhneacháin i mbliana.

Tugann an maoiniú a bhailítear tríd an Siúlóid chuile bhliain cabhair don altranais, leigheas agus tacaíocht don bhfoireann suaimhneas a thabhairt dóibh siúd atá ag deileáil le diagnóis ailse agus tinneas eile a theorannú saoil.

Bíonn Ospís na Gaillimhe fíor buíoch do chuile duine a thugann cabhair dóibh chun go mbeidís in ann leanúint leo leis na seirbhísí a bhíonn á thabhairt acu.

Chun páirt a glacadh is féidir glaoch a chur ar an Roinn Tiomsaithe Airgid ar 091-770868 nó sheol ríomhphoist chuig fundraising@galwayhospice.ie.