Siúlóid 300km ó Bá an Daingean go Bá na Gaillimhe ar san Catharnacht

0
887
Catharnacht

Beidh iar-iomatheoir de chuid RTE Operation Transformation chun siúlóid 300km ón Daingean go dtí an Gaillimh a dhéanamh ar san catharnacht.

Chun a bhreithlá a chéiliúradh i mí Lúnasa beidh Ronan Scully ag tabhairt fé siúlóid 300km chun airgead a bhailiú ar san cúiseanna éagsúla, Gorta Self Help Africa, The Galway Rape Crisis Centre agus cartharnacht atá cóngarach dá chroí féin, Rosabel’s Rooms i comhpáirtíocht leis an Irish Hospice Foundation.

Beidh sé ag tabhairt fé seachtain fada, ag siúlóid ó Bá go Bá ón Daingean, Co.Chiarraí suas an chósta iarthar ar fad go dtí a bhaile féin ins an Gaillimh, 300km ar fhad.

Ag tabhairt ómós dó siúd atá théis tacaíocht a thabhairt dó ina n-iarrachtaí thar na 26 bliain, dúirt Ronan Scully go dtabhairfidh an siúlóid trasna na tíre an deis dó buíochas a gabháil le mórchuid do dhaoine a thacaigh leis ina chuid oibre le chuid dos na daoine is boichte, clainne agus gasúr ar ár bplainéad.

“Táim ag féachaint air an siúlóid seo ar nós aistear urnaitheach agus céiliúradh ar mo cloch mhíle féin, an t-am a chaitheas ag oibriú do catharnacht agus freisin an méid sin daoine docreidte gur bhuaileas leo thar na 26 bhliain.

“Thug siad ana chuid dóibh chun cabhrú leo siúd mórthimpeall an domhan a raibh cabhair ag teastáil,” a dúirt Ronan.

“Daoine fíor cinéalta iad muintir na hÉireann. Braithim beannaithe agus  faoi pribhléid go bhfuilim ábalta déanamh seo agus fios a bheith agam go bhfuil an oiread san daoine théis a chuid ama a thabhairt, a chuid airgead a thabhairt agus a chuid iarrachtaí a thabhairt chun tacaíocht a thabhairt dos na cúiseanna seo.”

Beidh an turas 300km ag tosnú ó Seipéal an Paróiste sa Daingean ar an Domhnach 5ú Lúnasa agus críochnóidh sé le siúlóid catharnacht 5k ar an prom Bóthar na Trá, Gaillimh, tráthnóna Dé Domhnach at 3i.n. ar an 12ú Iúil.

Cuirfear fáilte roimh cách teacht agus an chuid deireanach don siúlóid a dhéanamh i dteannta Ronan nó is féidir deontas a dhéanamh is féidir é a dhéanamh trí dul i dteagmháil leis na catharnachtaí nó ag ronan.scully@selfhelpafrica.org

Is féidir tuilleadh eolas a fháil trí glaoch a chur ar Ronan ag (087) 6189094 agus chun tuilleadh eolas a fháil ar na Catharnachtaí is féidir dul go www.selfhelpafrica.org / www.hospicefoundation.ie / www.galwayrcc.org