Seisiún eolais maidir le forbairt Pháirc na Mara i gCill Chiaráin

0
783
Seisiún Eolais

Tá seisiún eolais eagraithe maidir le forbairt Pháirc na Mara i gCill Chiarán.

Tá sé deimhnithe ag Coiste Jabanna d’Iorras Aithneach gur ghlac Údarás na Gaeltachta lena gcuireadh chun lá eolais a chur ar bun i halla pobail Chill Chiaráin ar an Aoine 18ú Bealtaine 2018.

Is coiste é Coiste Jabanna d’Iorras Aithneach a bhunaidh muintir na háite de bharr easpa postanna san áit agus an méid ollmhór daoine atá taréis imeacht ón áit de bharr nach bhfuil postanna ann dóibh.

Tá leathnach Facebook ag coiste Jabanna d’Iorras Aithneach agus iad ag impí go gcuirfear a thuilleadh phost ar fáil do pobal na háite.

Deirtear go bhfuil sé fíor thábhactach an cruinniú seo a reachtáil de bharr nach bhfuil an pobal cinnte faoi thodhchaí Pháirc na Mara, ná na pleananna atá i ndán dó.

Deir muintir na háite go dteastaíonn soiléiriú uathu ón Údarás.

Moltar Údarás na Gaeltachta de bharr go bhfuil siad sásta am a thabhairt ar mhaithe le muintir an phobail chun iad a chur ar an eolas cruinn agus sásamh intinne a thabhairt dóibh.

Thug Méara an Bhostún Marty Walsh cuairt ar Carna Dé Satharn agus Cill Chiaráin Dé Domhnaigh áit a chuireadh fíor fáilte roimhe.

Tosnóidh an cruinniú ag a 8i.n. ar an Aoine beag seo i gCill Chiaráin agus cuirfear fáilte roimh muintir na háite ar fad chuig an seisiún eolais seo.