Seachtain na Gaeilge simplí ar an Satharn

0
1079

Seachtain na Gaeilge simplí atá i gceist an Satharn beag seo,  9ú lá de Mí an Mhárta, le mórchuid d’imeachtaí a bhaineann le scéalaíocht ar siúl. Baineann Muintir na Gaillimhe ana sult as Seachtain na Gaeilge agus iad i gconaí ag eagrú gníomhachtaí difriúla. Don chuid is mó ní bhíonn costas ar bith ag baint leis na himeachtaí ach braitheann sé.

Léacht an Béaloideas Beo Sa Músaem

Sa chaint seo, tugann Ailbhe Nic Giolla Chomhaill spléachadh ar sheoda scéalaíochta agus seanchais as Dúiche Sheoigeach agus pléann sí na cuinsí a spreag bailitheoirí béaloidis as Co. na Gaillimhe, ar a n-áirítear Tomás Ó Máille, Seán Mac Giollarnáth agus Prionnsias de Búrca, a n-oidhreacht chultúrtha a thaifeadadh agus a chaomhnú i gcartlanna béaloidis do na glúnta a thiocfaidh ina ndiadh.

Caithfear áiteanna a chur in áirithe don caint seo agus is féidir sin a dhéanamh trí glaoch a chur ar an Músaem ag (091) 532460. Níl aon chostas ag baint leis ach amháin a bheith go bhfuil áit churtha in áireamh.

Leitheoireacht Do Leanaí i Easons

Beidh Michéal Ó Ciaraidh i láthair i siopa leabhar Easons sa Ghaillimh, ar 11:r.n, maidin Dé Satharn ag scéalaíocht leis na leanaí. Is láithreoir do TG4 é Michéal mar aon le pearsantacht mór ar na méansoisialta, go mór mór Snapchat. Is féidir Micheál a leanúint ar a Snapchat féin ag irishmike-carey nó Snapchat TG4 ag TG4tv. Bíonn Michéal ag déanamh tuairiscí do BLOC chomh maith.

Duaiseanna do Gaeilge Locha Riach ó Glór na nGael

Beidh Glór na nGael ag bronnadh duaiseanna ar Ghaeilge Locha Riach as obair an choiste i rith 2017. Beidh an bhronnadh seo ag tárlú in Óstán agus Cumann Gailf Glasáin, Co. na hIarmhaí ag a 7.00 i.n agus muintir Locha Riach ag tnúth go mór leis an oíche.

Bunaíodh Glór na nGael sa bhliain 1961 mar uirlis forbartha teanga tríd chomórtas idir grúpaí pobail. Ba é Cumann na Sagart a bhunaigh Glór na nGael agus is cinnte go n-aithneoidh na bunaitheoirí sin go bhfuil Glór na nGael dílis i gcónaí.

Saol Máirtín Ó Direáin

Mar chuid de dheireadh seachtaine chomórtha Mháirtín Uí Dhíreán d’eagraigh Ollscoil na hÉireann Gaillimh i gcomhpáirt leis an Taibhdhearc imeachtí agus le sin beidh dráma ar siúl sa Taibhdhearc ar an Satharn.

Dráma gearr atá i gceist bunaithe ar shaol agus ar shaothar an fhile chlúitigh Máirtín Ó Direáin. Leanann an dráma Máirtín agus é ag fás aníos in Árainn agus a shaol nuair a d’fhág sé an t-oiléan, ar tháinig athrú mór air. Feiceann muid Máirtín ag déanamh macnaimh ar an saol a d’fhág sé ina dhiadh agus an saol a chaith sé sa chathair mhór i mBaile Átha Cliath. Tá a chuid saothar lárnach sa dráma mar a bhí ina shaol. Is léiriú de chuid Chumann Drámaíochta OÉG é.

Pé imeacht a mbeidh sibh ag freastal ar an deireadh seachtaine seo, bainigí sult as agus ná déan dearmad bhur chuid Gaeilge féin a úsáid chomh mhinic agus is féidir.