Seachtain le dhul roimh Bainis Bhréige Ros na Rún

0
1047
Mock Wedding Ros na Rún - Galway Daily

Bíonn rún i gcónaí i Ros na Rún, agus ní aon eisceacht é an Bhainis Bhréige… a bheas ar siúl i gceann seachtaine.

Faoi láthair tá foireann Ros na Rún ag ullmhú go dian don Bhainis Bhréige a bheas ar siúl in Ostán Chuan na Gaillimhe, Bóthar na Trá ar an Satharn 24ú Samhain.

Beidh neart ceol, bia, craic agus damhsa ar an oíche agus é ar fad don charthanacht ‘Cancer Care West agus an Gavin Glynn Foundation.

Seo thíos físeán do na aisteoirí ag miniú cén fáth gur phioc siad na catharnachtaí.

Tá na ticéidí ar díol i Ros na Rún ar an Spidéal agus i siopaí faoi leith thimpeall Chonamara. Deir urlabhraí do Ros na Rún go bhfuileadar ag tnúth go mór leis an oíche ach thar rud ar bith eil, go bhfuil siad ar bís tacaíocht a thabhairt don dá charthanacht atá i gceist.

Tá aisteoirí Ros na Rún ag obair ó dhubh go dubh ag déanamh cleachtaithe agus ag foghlaim a gcuid línte roimh an oíche mhór, ach tá sé ar fad faoi rún! Ní bheidh a fhios ag duine at bith cé atá chun pósadh go dtí an 24ú Samhain.

De réir dealraimh, níl cuid de na h-aisteoirí iad féin cinnte céard a bheidh ag titim amach go dtí an Satharn an 24ú freisin.

Cúpla gné nach bhfuil faoi rún ná go bhfuil na ticéid ar díol ar chostas €35 an ceann – leis sin tá dinnéar, ceol le Oddity agus ar ndóigh an pósadh é féin! Beidh an t-amhránaí cáiliúl Jimmy Buckley i láthair ar an oíche. An é féin a bheas ag pósadh? Beidh le feicéail!

Seo thíos físéan ag na aisteoirí maidir leis na ticéidí

Is féidir ticéidí a cheannach ar líne trí an nasc seo a leanas a bhrúigh agus tá méid áirithe ticéad ar fáil i siopa Texaco Mháirtín Bhán i gCasla, Tigh Mhichael Joe Cost Cutters i mBéal an Daingean, Tigh Ruairí Centra Leitir Móir, Tigh Phlunkett Spar Leitir Móir, Gala i gCill Chiaráin, Standún sa Spidéal, Siopa an Phobail Joyces in Indreabhán agus Comhar Creidmheasa Cholm Cille, Indreabhán. Tá ticéad ar díol sa teach tábhairne Tigh Jack Eanach Mheáin.

Beidh bus ar fáil le Peadar Óg ó Leitir Mealláin go dtí an Ostán Chuan na Gaillimhe agus ar ais ar €10, beidh sé ag stopadh ar an mbealach isteach agus amach (níl le dénaamh ach é seo a eagrú roimh ré.) Glaoigh ar 0862323708.

Chun tuilleadh eolas a fháil maidir leis an Bhainis Bhréige is féidir glaoch a chur ar 091 558400.