Scuainí ar fud na h-áite i Tesco ar Maidin

0
1296

An chéad lá de Mí an Mhárta tagtha chughainn agus muintir na Gaillimhe ag tnúth leis an sneachta atá tuartha. Bhí seo le feiscint i dTesco san Ionad Siopadóireachta na Gallimhe, Bóthar Áth Cinn ar maidin. Scuainí daoine ar fud na h-áite agus iad ar fad ag déanamh cinnte go mbeadh i ndóthain, arán, im agus bainne acu ar feadh an chéad cúpla lá eile.

De bharr an stádas dearg atá tuartha don tír ar fad tá Tesco le bheith dúnta ag a 2.00 i.n agus ní bheidís ag oscailt go dtí na 1.00 i.n amárach ag braithint ar an aimsir.

“Tá sé craicéalta ar fad, táimid fíor gnóthach,” a dúirt oibreoir a bhí ag obair sa lánseicéail féinseirbhíse, “beimid ag dúnadh ag a 2 le cúnamh dé.”

Tá thart ar uair a chloig fós agaibh chun bhur píosaí siopadóireachta dheireanach a fháil mar beidh an siopa dúnta go dtí a 1 a chlog amárach.

Bhí fainic ar aghaidh na chustaiméirí agus iad ag dul timpeall ag lorg, na táirgí tábhachata mar go raibh ana chuid dóibh díolta.

“Tá seo ar nós Armageddon, ach sneachtageddon atá,” ann a dúirt custaiméir amháin agus é ag braithint ar tseilf an arán. “Níl arán fághtha anseo fiú,” a dúirt sé.

Scuainne i Tesco ar maidin.

Is léir go bhfuil muintir na Gaillimhe ag éisteacht leis an foláireamh atá tugtha ag Met Éireann agus go bhfuilidís réidh chun fanacht istigh go dtí go bhfuil an ‘Sioc ar buile’ nó Stoirm Emma, imithe uainn.

Deirtear go bhfuil an aimsir is measa fós le teacht agus dá bharr sin tugann Galway Daily comhairle oraibh ar fad gan dul amach más féidir. Stádas dearg atá i gceist agus is léir go mbeidh a thuilleadh sneachta le teacht níos déanaí, mar aon le oighear.

Bí ag faire anseo do na tuairiscí is déanaí agus iad ag teacht chughainn. Bígí cúramach ar na bóithre má théann sibh amach agus fanaigí slán sábháilte sa sneachta.