Bus Urraithe ag Lidl do Scoláirí OE Gaillimh

0
1139

Tá tógra nua ar bun, ag tosú tráthnónna inniu bainteach le Comhaltas na Mac Léinn, OE Gaillimh, do scoláirí atá ag maireachtaint i gcóiríocht do mhic léinn atá beagáinín iargúlta.

Beidh bus saor in aisce ag fágail Baile na Coiribe (Corrib Village) ag a 6.00 i:n ag dul go Lidl do mhic léinn atá ag iarraidh a gcuid siopadóireacht seachtainiúl a dhéanamh.

Deir Uachtarán Comhaltas na Mac Léinn, Lorcán Ó Maoileannaigh gur tháinig an smaoineamh seo i dtír ón forógra a bhí aige an bhliain seo chaite.

Chuir Ó Maoileannaigh, plean le chéile le haghaidh béilí mórcalraí, calraí íseal agus do glasraitheoirí.

“An smaoineamh a bhí ann ná go bhféadfá do chuid bidh a órdú ó suíomh idirlín Comhaltas na Mac Léinn agus ansin bheadh sé tugtha chughat, ” a deir sé.

“Dheineamar é seo a thriail le Tesco an téarma seo chaite ach bhí sé do dhéanta agus mar sin bhíomar ag smaoineamh cad é an chéad céim eile?”

“Tá an plean dos na béile, mar aon leis an liosta siopadóireacht agus chuile rud eile déanta again agus ansin cheapamar go mbeadh no scoláirí atá iargúlta go maith sásta le seirbhís mar seo.”

Bhí Comhaltas na Mac Léinn agus Lorcán Ó Maoileannaigh gnóthach leis an bplean nuair a dúirt Lidl go mbeidís sásta bus a chur ó Baile na Coiribe chuig cheann dá siopaí.

Beidh an mbus ag fágáint Baile na Coiribe chuile Luan ag a 6 a chlog agus beidh uair a chloig ag na mic léinn istigh i Lidl chun an siopadóireacht a dhéanamh. Tabhairfidh an mbus díreach thar nais go Baile na Coiribe iad ansin.

“Sé an smaoineamh a bhí againn leis an mbus a rith ar an Luan ná go hiondúil déantar an siopadóireacht seachtainúil ar an Luan, agus ag braith ar cé chomh rathúil a bheidh sin tá seans go rithfeadh a thuilleadh busanna ar an Luan,” dúirt Lorcán.

Beidh liosta siopadóireacht á thabhairt amach ar an mbus, agus is féidir na scoláirí dul go suíomh idirlín Comhaltas na Mac Léinn le haghaidh oidis don bia ar fad.

Smaoineamh iontach go háirithe dos na scoláirí nach bhfuil gar do siopa grócéir, nó nach bhfuil gluaisteáin acu féin.

Guimís gach rath ar an tógra seo.