Inniu, 10ú Meán Fómhair Lá um Domhanda Chosc ar Fhéinmharú agus táim chun mo scéal féin a roinnt libh.
Ceithre bhliain ó shin thit an saol a bhí agam ag an am bun os cionn nuair a chuir duine do na chairde is fearr a bhí agam riamh lámh ina bháis féin. An tseachtain seo ceithre bhliain ó shin i 2014, théis an 10ú Meán Fómhair agus Lá um Domhanda Chosc ar Fhéinmharú a bheith chríochnaithe chur sé a lámh ina bháis féin; nach mór mí iomlán théis ar dhein duine d’ár iar-pháirtí ranga an rud chéanna.
Bhí an bheirt acu chomh óg, théis an Ardteistiméireachta a dhéanamh agus an scoil a fhágaint, 3 bhliain ghearr roimhe sin. I ndáiríre ní rabhadar ach ag tosú amach ar an saol agus cheapfá go mbeidís ag tnúth leis an todhchaí ach níl an deis sin ag ceachtar acu anois.
Beidh an lá úd a fuaireas an glaoch sin i Mí Meán Fómhair 2014 i’m chuimhne go deo. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch agus mé ag baint taithneamh as cúpla deoch le mo chairde ón gcoláiste nuair a thosaigh mo guthán ag screadaíl.
“Cén fáth a bhfuil sise ag cur glaoch orm? Ní rabhamar ag labhairt le fada an lá”, a bhíos ag smaoineamh dom féin nuair a dúirt duine dos na cailíní, “Freagar é, is léir go bhfuil sí ag iarraidh labhairt leat.”
D’fhreagar mé an guthán agus d’imigh mé ón mbord mar go raibh sé fíor glórmhar agus theastaigh uaim éisteacht le cad a bhí le rá aici.
Stop mo chroí ag buaileadh ar feadh cúpla soicind nuair a chuala mé na focail, “tá sé imithe, chuir sé a lámh ina bhás féin.”
Is i mbliana théis an siúlóid Darkness into Light, an chéad uair a rabhas in ann glacadh leis an bhfíric go bhfuil sé imithe uainn, cé go bhfuil sé fós deachair. Bhí sé ann dúinn i gcónaí – ag tabhairt tacaíocht dúinn agus dhein sé aon ní dúinn, ba cuma rud beag nó mór.
Bhí sé an gliú a bhí ag gabháil sin le chéile agus bhriseann sé mo chroí go raibh sé ag fulaingt agus nár dúirt sé faic dúinn, cé go raibh sé ann dúinn i gcónaí.
Cé go bhfuil sé fós linn i spiorad ní dhéanann sé níos éasca é mar d’fhéadfadh rudaí a bheith níos difriúla dá mba rud é gur labhair sé faoi na fadhbanna a bhí ag pléascadh taobh istigh dó.
Beidh mé gan freagraí go deo agus mé fós ag iarraidh a fháil amach cén fáth nár tháinig sé chun cainte linn. Cén fáth nár theastaigh uaidh a chuid trioblóidí a roinnt linn? An mbeadh sé fós anseo dá mba rud é gur labhair sé le duine éigin. Bhí sé ar cheann de mo chairde is fearr ach choimeád sé a chuid fadhbanna a fhuascailt go daingean dó féin.
Ar dtús chur sé fearg orm agus ansin thit an bhrón orm nuair a thuigeas go raibh sé imithe uainn. Bhris mo chroí ina dhá chuid. Nílim ábalta é a thabhairt thar nais agus ní bheidh an deis agam riamh mo bhuíochas a gabháil leis agus é ann dom i gcónaí, an chara is fearr a bhí agam riamh.
Nuair a athraíonn an saol go suntasach agus nuair a bhíonn tionchar go díreach ag féinmharú ort, domsa b’é cailliúnt cheann do na chairde is fearr a bhí agam, tugann sé cic sa tóin duit chun an saol a thógaint le do dhá lámh.
Bíonn sé deachair sin a dhéanamh chuile lá agus gan dabht beidh rudaí ag chuir isteach ort ach tá an saol ann dúinne. Chun an fírinne a rá ba chóir dúinn taithneamh a bhaint as gach rud a thagann romhainn agus gan ligeant dos na sonraí seafóideach a chuir isteach orainn.
Is é an teachtaireacht is mó agus is tabhachtaí atá tógtha agam féin ón féinmharú seo, ná is chuma cé chomh dúghafa lenár saol féin atáimid, caithimid am a thógaint d’ár gclann agus ár gcairde.
D’fhéadfadh cúig nóimead ag seiceáil suas ar chlann agus chairde a bheith an difríocht idir saol agus bás do dhaoine áirithe agus dá bharr sin tá sé fíor thábhactach aire a thabhairt dá chéile agus fios a bheith ag gach duine go bhfuil seirbhísí tacaíochta ar fáil.
Inniu Lá um Domhanda Chosc ar Fhéinmharú ach ba chóir dúinn a bheith ann do dhaoine i gcónaí.
Beidh tú i’m chroí i gcónaí mo chara.