Ros na Rún ag ullmhú don Bhainis Bhréige a bheas acu ar son Carthanachta

0
981
Mock Wedding Ros na Rún - Galway Daily

Faoi láthair tá Ros na Rún i mbun ullmhúchán don bhainis bhréige a bheas ar siúl acu i gceann míosa ar son carthanachta.

I gceann míosa beidh bainis eile ag Ros na Rún, sobaldhráma atá lonnaithe ins an Spidéal a bhíonn le feiscint ar TG4 agus is ar son carthanachta a bheas an bhainis seo.

An uair seo beidh an bhainis beo in Óstán Galway Bay agus iad ag bailiú airgead do Cancer Care West agus an Gavin Glynn Foundation (eagraíocht a thugann cabhair do theaghlaigh ina bhfuil páiste le ailse air nó uirthi agus gur gá dóibh taisteal thar lear chun leigheas a fháil.)

Tá chuile duine atá ag obair i Ros na Rún, idir aisteoirí agus criú, ag tabhairt cúnaimh chun oíche iontach a chuir os comhair 400 duine ar an Satharn an 24ú Samhain.

Is é Niall Mac Eachmharcaigh (a bhfuil an páirt John Joe aige i Ros na Rún) atá i mbun na scripte a scríobh ach níl fios go fóill cé a bheas ag pósadh ar an oíche. Tá cleachtadh maith aige ar an scríobhneoireacht agus is é a scríobh C.U. Burn, a craoladh ar TG4 beagnach scór bliain ó shin.

Niall Mac Eachmharcaigh agus Brídín Ní Mhaoldomhnaigh i mbun obair ar na scripte don bhainis bhréige a bheas ar siúl ar an 24ú Samhain

Deir Niall go mbeidh an bhainis bhréige ar siúl go cinnte agus go mbeidh sé casta.

“Ní bheidh sé simplí ar aon nós,” a dúirt sé agus meangadh gáire air!

Is iomaí bainis a bhí ar Ros na Rún le scór bliain anuas agus go deimhin bhí cúpla bainis bhréige acu freisin! Agus cé nach raibh bainis bhréige acu le sé bliana anuas, bhíodar fós ag tógáil páirte in obair charthanachta eile, le ócáid charthanachta acu ar a laghad uair sa mbliain.

Is í Bridín Ní Mhaoldomhnaigh, (a bhfuil an páirt Katy aici i Ros na Rún) atá ag eagrú an bhainis bhréige agus í ag baint an-sult go deo as!

“Cé go mbíonn an oiread bainiseacha i Ros na Rún, tá muid ar fad ag tnúth go mór leis an gceann seo.

“Tá muid ag súil le é a dhéanamh os comhair lucht féachana, agus tá muid cinnte go mbeidh neart spraoi ag gach duine ar an lá. Tugann an ócáid seo seans dúinn ar fad a bheith ag obair le chéile.

“Beidh searmanas sibhialta i dtosach leis na haisteoirí ag tógáil páirte sa mbainis mar dhráma! Ina dhiaidh seo, beidh fáiltiú dí, béile agus siamsaíocht leis an mbanna Oddity,” a dúirt Brídín.

Brídín Ní Mhaoldomhnaigh
Brídín Ní Mhaoldomhnaigh agus Niall Mac Eachmharcaigh ag tógaint sos agus iad i mbun ullmhú na scripte don bhainis bhréige.

Costas €35 a bheas ar na tícéidí agus beidís le fáil i Ros na Rún sa Spideál ar an Déardaoine 25ú Deireadh Fómhair óna 9rn-5in agus ar an Aoine 26ú Deireadh Fómhair óna 9rn-2in. Beidh méid áirithe ticéidí ar fáil i ngaráiste Texaco Mháirtín Bhán, Casla chomh maith.

Faigh do ghúna nó do Tux réidh maraon le do thicéid a cheannach chun a bheith i láthair ag an bhainis bhréige ar bheas ar siúl in Óstán an Galway Bay i gceann míosa agus iad ag bailiú airgead do Cancer Care West agus an Gavin Glynn Foundation.

Dé Satharn an 24ú Samhain 2018 a bheas an bhainis bhréige ar siúl in Óstán an Galway Bay.