An bhfuil suim agatsa a bheith mar Rós na Gaillimhe i mbliana?

0
877
Galway Rose Selection

Ar smaoinigh tú riamh do chois a sháigh isteach san iomaíocht agus an bhfuil suim agat a bheith mar Rós na Gaillimhe i mbliana?

Gan dabht is brionglóid é a bhíonn ag gach chailín nuair a bhíonn siad óg agus cé go n-imíonn an aisling ó daoine áirithe fanann sí le chuid mhaith do na chailíní.

Tá a fhios agam féin nuair a bhíos óg ag fás aníos sa Ríocht, áit a mbíonn an comórtas nó an Féile ar siúl, bhíomar greamaithe sa tolg agus sin ag breathnú ar na chailíní ar fad a bhí san iomaíocht.

B’fhéidir go raibh sé níos speisialta de bharr go rabhamar ag fás aníos sa chontae a raibh an comórtas bunaithe ach fós féin is cuimhin liom go maith go ndúramar ar fad – “Mise a bheidh mar an chéad Rós eile.”

Do bhíodh mór chuid do chaint ar siúl againn faoin comórtas agus is cuimhin liom féin gur theastaigh uaim gúna gorm a chaitheamh agus mé ag siúl amach ar an stáitse. Bhí gach aon ní curtha le chéile agam, agus mé ag taibhreamh ar an oíche speisialta a bheadh ann. Bhí fios maith agam ná raibh aon bua speisialta agam, mar nílim ábalta canadh agus tá dhá chois clé agam ach do bhí a fhios agam an t-aon rud a bhí mar uirlis agam ná mo bhua cainte. Dúradh liom uair amháin go mbeinn ábalta labhairt le duine ar bith de bharr an fuinneamh a bhí agam agus an stíl cainte a bhí agam. B’shin é an rud a mbainfinn úsáid as dá ritheann don féile Rós sa todhcaí.

É sin ráite nílim chun rith i mbliana ach tá an deis ann daoibhse, cailíní óg na Gaillimhe bhur chos a chuir isteach san iomaíocht agus seans den chéad scoth é bheith mar ionadaíocht don Chontae i comórtas Féile Rós Thrá Lí 2018.

Má tá suim ag duine ar bith agaibh a bheith rannpháirteach nó chuir isteach ar an comórtas Rós na Gaillimhe 2018, is féidir buaileadh isteach go tigh tabhairne O Connell’s ar an Fhaiche Mór an Satharn seo 14ú ag a 8.30i.n.

Beidh foireann ann chun eolas a thabhairt daoibh faoi Roghnúchán Rós na Gaillimhe 2018 agus is féidir chuir isteach ar an comórtas ar líne freisin ag www.roseoftralee.ie/apply

Ná bíodh faitíos oraibh bhur aghaidheanna a thaispeánt i Tí O’Connells oíche amárach – beidh píosa craic ann murach faic eile.