Raidió na dTreabh beo le Raidió Rí-Rá

0
1361

Beidh Raidió na dTreabh atá lonnaithe in Áras na nGael, Sráid Dominic ar thuras chuig an ard chathair an deireadh seachtaine seo agus iad ag déanamh clár beo i dteannta Raidió Rí Rá do Seachtain na Gaeilge agus chun céiliúradh ar bhreithlá Raidió Rí Rá.

Bunaíodh Raidió Rí Rá sa bhliain 2008 agus bíonn sé le cloisteáil chuile uair sa lá, 24/7 ar líne, ar an raidió DAB nó is féidir an aip Raidió Rí-Rá a íoslódáil saor in aisce.

‘Sí Emma Ní Chearúil Bainisteoir Raidió na dTreabh, Stáisiún Pobal atá lonnaithe anseo i Cathair na Gaillimhe.

Is oibreoirí deonacha iad foireann Raidió na dTreabh, ina measc tá aisteoirí, láithreoirí raidió agus teilifís, scannánóirí, iriseoirí, léiritheoirí agus mic léinn.

Is féidir dul i dteagmháil leis an bhfoireann nó má dteastaíonn uait bheith páirteach sa foireann is féidir ríomhphoist a sheoladh chuig eolas@rnat.ie

“Ceann dos na cosúlachtaí atá eadrainn féin Raidio na dTreabh agus Raidió RíRá ná go bhfuil oibrithe deonacha go príomha ag craoladh leis an dá stáisiún agus go mbíonn saoirse ag na láithreoirí maidir le hábhar a gclár,” a dúirt Emma Ní Chearúil Bainisteoir Raidio na dTreabh.

“Ina thús, bhí RíRá níos mó cosúil le RnaT sa gcaoi nach raibh fostaithe acu, ach grúpa a bhailigh le chéile le sprioc a bhaint amach – agus d’éirigh leo.

“Tá stiúideo agus bainisteoir lánaimseartha anois ag RíRá agus mar sin is féidir leo taithí oibre agus eile a ofráil. Freisin bíonn buiséad acu le caitheamh ar threalamh, costais na láithreoirí deonacha agus le ceardlanna agus eile a chur ar fáil.

“Ba bhreá linne i RnaT a bheith ar an gcaoi céanna leis na deiseanna céanna amach anseo. Difríocht mór eile ná gur stáisiún popcheol dírithe ar dhaoine óga é RíRá ach tá níos mó spéise againn i RnaT stáisiún le nuacht, cúrsaí reatha, cláir irise agus cultúrtha a chur ar fáil don phobal, seachas ceol amháin – ionas go mbeidh rogha níos leithne d’éisteoirí agus saoirseacht níos mó ag ár gcraoltóirí,” a críochnaigh sí

D’oibrigh RíRá go dian le deich bliana anuas chun teacht chun na háite seo agus iad ag céiliúradh inniu i dteanna Raidió na dTreabh. Is léir go dtugann seo dóchas do muintir Raidio na dTreabh go bhfuil seans leo an sprioc céanna a bhaint amach.

Bainigí sult as an lá agus le chéile beimid in ann an teanga a choiméad beo agus briamhar don chéad glúin eile a bheidh ag teacht aníos.