No Tears le tosnú ar TG4 anocht an 7ú Lúnasa

0
865
No Tears

Beidh an sraith drámaíochta No Tears ag tosnú ar TG4 anocht an 7ú Lúnasa.

Is sraith drámaíochta ceithre chlár é No Tears faoin scannal heipitítis a bhuail an tír i lár na nóchaidí nuair a tholg mná in Éirinn an galar heipitíteas ó fhuil thruaillithe.

Tabharfar léargas ar an méid a d’fhulaing siad féin agus a dteaglaigh de bharr an tinneas.

Beidh an sraith drámaíochta ar siúl ar TG4 anocht an 7ú Lúnasa ag a 10.30i.n. agus beidh ceithre clár ann ina iomlán.

Is féidir faire air tríd an seinnteoir TG4 freisin agus tá nasc do san anseo.