Níos mó ama tugtha do teagascóirí an nGaelacadamh dul i dteagmháil leis an Roinn

0
803
Síneadh ama á thabhairt ag an Roinn - Galway Daily

Tá sé fógartha inniu go bhfuil síneadh ama á thabhairt do teagascóirí ón nGaelacadamh dul i dteaghmháil leis an Roinn.

Tá síneadh ama á thabhairt ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta do na teagascóirí ar fad a bhí ag cur ranganna ar fáil tríd an nGaelacadamh in 2018 le teagmháil a dhéanamh léi le socrú a chur in áit le gur féidir leanúint leis na ranganna sin ar bhonn sealadach as seo go Nollaig.

Ar an 24ú Lúnasa, d’fhógair an Ghaelacadaimh go mbeadh orthu an gcomhlacht a scor mar gheall nach mbeadh aon mhaoiniú Stáit le chur ar fáil a thuilleadh.

De dheasca an fhógairt sin sheol Tuismitheoirí na Gaeltachta-Conamara litir chuig Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh faoi dhúnadh an Ghaelacadaimh agus easpa ranganna dá bharr.

Is Eagraíocht seirbhísí cultúir é an Ghaelacadaimh agus bhíodar ag cur seirbhísí múinteoireachta ceoil, amhránaíochta, Gaeilge agus a thuilleadh seirbhísí ar fáil i nGaeltacht Chonamara agus in Árainn.

D’fhoilsigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Ráiteas níos luaithe inniu agus dúradh sa ráiteas,

“De bharr scor an Ghaelacadaimh ag deireadh na míosa seo caite, tugeann an Roinn go bhfuil imní ar thuismitheoirí, ar mhúinteoirí agus ar theagascóirí nach mbeidh aon seribhís ar fáil as seo go deireadh na bliana.

“In iarracht dhul i ngleic leis sin, tá an Roinn ag iarraidh uair amháin eile ar na teagascóirí ar fad a bhí ag cur ranganna ar fáil tríd an nGaelacadamh in 2018 teagmháil a dhéanamh léi.

“Is féidir le haon teagascóir nach ndearna é roimhe seo teagmháil a dhéanamh le Geraldine Ní Chuinn sa Roinn ag 091 503725 nó gearoidin.nichuinn@chg.gov.ie roimh meán lae Dé Céadaoin, 26 Meán Fómhair 2018.