‘Níor Mhaith Linn do Thrioblóid’ le bheith ar Ardán Choláiste Chonnacht an Deireadh Seachtain seo

0
1215

Beidh dráma a scríobh Joe Steve Ó Neachtain, darbh ainm ‘Níor Mhaith Linn do Thrioblóid’ á léiriú ag Aisteoirí an Spidéil ar Ardán Choláiste Chonnacht ag tosnú anocht ag a 8.00 i.n.

Beidh an léiriúchán á leanúint ar aghaidh ar feadh fad na deireach seachtaine, Dé Satharn (24ú) agus Dé Domhnaigh (25ú) san áireamh.

Insíonn an dráma seo scéal faoin tslí a mbíonn éifeacht ag an mbás ar dhaoine mar aon leis an tríoblóid a bhíonn ag caidreamh  comharsan agus clainne nuair a mbailíonn gach duine ó ngar is i gcéin don tsochraid.

Rugadh Joe Steve Ó Neachtain sa Spidéal i 1942 agus tá sé ag scríobh go cruthaitheach ó 1969.

Aisteoir mór le rá é Joe Steve, go háirithe nuair a ghlac sé páirt Peadar Ó Conghaile sa sobaldhráma Ros na Rún, atá lonnaithe ins an Spidéil. Bhronn an tOireachtas, Aisteor na mbliana air, sa bhliain 2012. Tar éis bliain agus fichid i ról Peadar, d’fhág sé ‘chlann Ros na Rún’ i 2016.

Mar aon leis an aisteoireacht tá cáil ar chuid scríobhneoireacht Joe Steve agus ana chuid ngradaim buaite aige síos tríd na mblianta.

Bhuaigh a chuid bailiúchán Cloch Mhóin (1998), duais liteartha Cló Iar-Chonnachta sa bhliain 1998 agus an mbliain in dhiadh sin ainmníodh é don duais liteartha Irish Times.

Le Aisteoirí an Spidéil grúpa mór le rá á chur an léiriúchán ‘Níor Mhaith Linn do Thrioblóid’, ar siúl is cinnte gur oíche agus deireadh seachtaine iontach drámaíochta a bheidh ar siúl. Baingí sult as.

  • Beidh Aisteoirí an Spidéil ag cur ‘Níor Mhaith Linn do Thrioblóid ar súil in Ardán Choláiste Chonnachta anocht, Dé hAoine ag 8i.n., amárach Dé Satharn ag 8i.n. agus Dé Domhnaigh 8i.n.