Ní fada uainn an babhta deireanach do Rásaí na Gaillimhe 2018

0
657
Galway Races

Ní fada uainn anois an babhta dheireanach do Rásaí na Gaillimhe 2018 a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo, Deireadh Seachtaine Saoire na Bainc.

Is ar an deireadh seachtaine saoire na bainc, ag tosnú ar an 27ú Deireadh Fómhair a bheas an babhta dheireanach do Rásaí na Gaillimhe ar siúl.

Féile trí lá a bheas i gceist agus neart spraoi agus rásaí le féachaint ar i rith na trí lá.

Seo a leanas clár leis an eolas maidir leis na amantaí agus an méid rásaí a bheas ar siúl chuile lá.

Dé Satharn 27ú Deireadh Fómhair – Lá Rásaí don Teaghlach leis an téama Oíche Shamhna.

Osclóidh na geataí ar a 11.30r.n. agus beidh an chéad rás ar siúl ag a 1.35i.n. leis an rás deireanach á chríochnú ag 5.35i.n.

7 rás in iomlán a bheas ann ar an Satharn an 27ú Deireadh Fómhair agus neart eile ar siúl sa ráschúrsa don chlann ar fad idir óg agus aosta.

Dé Domhnach 28ú Deireadh Fómhair – Lá na Rásaí i Bán Dearg

Is ar son Taighde Ailse Cíche (Breast Cancer Research) a bheas an dara lá agus tá ticéid spesialta acu don lá san freisin ar chostas €90. Clúdaíonn an airgead sin:

  • Chead isteach sa ráschúrsa.
  • Suaitheantas Fáilteachais le rochtain ar Sheastáin Cill Aithnín.
  • Cárta na Rásaí.
  • Fáiltiu Deochanna
  • Lón 3 chúrsa
  • Celebrity Tipster
  • Ceol Beo

Chun d’áit a chur in áireamh ní gá duit ach glaoch a chur ar Taighde Ailse Cíche ar 091 863917.

Ar an Domhnach osclóidh na geataí ag a 10.30r.n. leis an chéad rás ar siúl ag a 12.35i.n agus an rás deireanach ar siúl ag a 4.25i.n.

Dé Luan 29ú Deireadh Fómhair – Lá Rásaí na Mic Léinn

Osclóidh na geataí ar an Luan ag a 11.30r.n leis an chéad rás ag tosnúag a 1.10i.n. agus an rás deireanach ar siúl ag a 4.30r.n.. 7 rás in iomlán a bheas ar siúl ar an Luan agus neart eagraithe don lá freisin. Is féidir leis na mic léinn na ticéidí a fháil ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Is féidir tuilleadh eolas a fháil faoin babhta dheireanach do Rásaí na Gaillimhe agus an t-eolas ar fad maidir le na chostasaí a fháil ón suíomh seo.