Neart daoine ar na sráideanna aréir ar son Galway Simon Community

0
889
Neart daoine ar na sráideanna aréir - Galway Daily

Bhí neart daoine ar na sráideanna aréir agus iad ag iarraidh airgead a bhailiú ar son Galway Simon Community do dhaoine gan dídean.

I 5 áit difriúl mórthimpeall Cathair na Gaillimhe agus Contae na Gaillimhe aréir, Aoine an 5ú Deireadh Fomhair, chodail neart daoine ar na sráideanna ar son an Galway Simon Community agus aréir bhí taithí acu siúd a mbíonn sábháilte agus te ina dtithe féin chuile oíche ar an bhriseadh chroí a bhíonn i gceist le easpa dídine.

Triail uaigneach agus trámach é codladh garbh do dhuine ar bith agus bhí an taithí sin ag neart daoine aréir ach istoíche anocht beidís ag codladh go sámh ina leabaigh féin murab ionann iad siud nach bhfuil aon bhaile acu chun dul.

Duine dos na dhaoine a bhí ar na sráideanna aréir ar son Galway Simon Community ná Láithreoir Raidió de chuid Galway Bay FM Alan Clarke agus nach mor €1,500 bailithe aige féin don Galway Simon Community.

Tá leathanach GoFundMe aige agus go dtí seo tá €1,443.73 bailithe aige ar son na chúise agus más mian leat deontas a thabhairt is féidir sin a dhéanamh trí an nasc seo a leanúint.

Bhí Alan gníomhach ar Facebook aréir agus é á thaispeánt cé chomh uafásach atá an réadúlacht dóibh siúd a bhíonn ag codladh ar na sráideanna chuile oíche agus iad gan dídean.

Seo a leanas físeán amháin a bhí suas ar an leathanach aige don oíche:

https://www.facebook.com/AlanClarkeOfficial/videos/739290226438949/?__tn__=K-R&eid=ARBiQaLefaX9Odlr4RU9FMYHyxZx0mYYhDU4iXhG83in5OIX3-DwUfGCQ5t3-KZtK6hsklD48fx8WhXs&fref=mentions&__xts__[0]=68.ARA6jgXQtzI3-pGOSo3QF0GqrHTad7kSJ5_ChT4LCNKcmhrjUE41zkmrFZL8LSgokOSkgGI9CQbVpFXdRRNAvjWBFyikfb1bGNrw1fAlfQqaRMUsYVDXuhBtz0_-DgbhQVhbP0hAAlj6IeZsF8uUFhy74fx-0N7oK-7CrGHSMhVYE_qii2aWUSk

 

Bhí neart daoine ar na sráideanna aréir i Cathair na Gaillimhe agus sa Chontae ar son na chúise, daoine i Sráid na Siopaí, Tuam, Baile Locha Riach, Corinthians R.F.C agus Ros a Mhíl.

Dar leis an Galway Simon Community, tá an ráta do dhaoine gan dídean in Iarthar na hÉireann ag fás níos tapúla ná réigiún ar bith eile ar fud na tíre, é sin i dteannta le soláthar tithíochta atá uireasach chun freastal ar an éileamh atá ann faoi láthair, gurb anois an am is mó ba riamh go bhfuil gá le fócas ar chosc.

Deir siad gur cuid ríthábhachtach é dá gcuid obair na seirbhísí a cosc toisc go gcreideann siad go bhfuil idirghabháil luath ríthábhachtach do dhaoine a choinneáil ina dtithe féin.

Tá sé ráite acu más féidir leo cosc a chur ar dhuine ó rochtain a fháil ar sheirbhísí gan dídean sa chéad áit, tá na torthaí i bhfad níos fearr sa chás nach bhfuil an tráma ar chóiríocht éigeandála.

Más mian libh tuilleadh eolas a fháil faoin Galway Simon Community is féidir gach rud a fháil anseo nó is féidir iad a leanúint ar Facebook.

Go dtí seo tá €40,473.65 bailithe ag an GoFundMe page atá ag Galway Simon Community ar son na chúise agus mian leat chur leis an figúir sin is féidir é a dhéanamh trí an nasc seo a leanúint.