Nathanna Cainte a bhíonn in úsáid go minic

0
3161
Béaltrial Gaeilge

Bíonn nathanna cainte difriúla ag gach duine agus is chuma cén teanga a bhíonn i gceist. D’fhéadfaidh Gaeilge, Béarla, Fraincíse nó Gearmáin a bheith ann ach ní dhéanann sé difríocht ar bith mar tugann na nathanna cainte seo le chéile sinn.

Chun céiliúradh a dhéanamh ar Seachtain na Gaeilge táim chun sampla beag do na nathanna cainte a bhíonn in úsáid agam féin i gCiarraí a thabhairt díobh. Tá súil agam go mbainfidh sibh sult astu agus go spreagfaidh sé sibh bhur chuid Gaeilge féin a n-úsáid.

An rud is annamh is iontach a deirtear agus mar cainteoir dúchais mé féin ní cloistear an teanga chomh minic san. É sin ráite, nuair a chloisim é, braithim na feileacéain im’bholg agus mé chomh bhródúil go bhfuil sé fós beo.

Bhí grá agam riamh don Ghaeilge, tá fós agus beidh go deo, mar sí mo theanga dúchais í agus b’shin í mo chultúr.

Is cuimhin liom nuair a rabhas óg agus tháinig an cigire chughainn ar scoil. Táim chun náire a chuir ar mo dheirfiúr óg anois, Nóra Ní Bheaglaoich (tá brón orm a chroí) ach chuile uair a smaoiním ar an eachtra seo pléascaim amach ag gáirí.

Chuir an cigire ceist sách soiléir ar Nóra ach is léir nár thuig sí an ceist beag ná mór agus is cúis gáirí dúinn é i gcónaí.

Seo a leanas an comhrá a bhí acu an maidin úd sinn.

Cigire: Nóra, abair liom cad a d’ith tú don bhricfeast ar maidin?

Nora: Nana agus Grandpa

Gan dabht níor dheineas féin faic ach phléasc amach i gáirí. An chailín bocht, ní raibh sí ach ceithre mbliana d’aois ag an am ach táim a rá leat gur b’shin é an maidin scoile ab fhearr i’m shaol.

Anois a chairde, táim ag tnúth go mór le na nathanna cainte seo a roinnt libh go háirithe mar is féidir éisteacht leis an tslí a dheirimse féin na nathanna a fuaimniú. Súil agam go mbainfidh sibh sult as dóibh a chairde agus ná déanaigí dearmad, An Ríocht Abú agus an nGaeilge a chur chun chinn ar ndóigh.

Sí ár theanga í. Bígí ag caint agus bígí bródúil.

Go n-éirí an bóthar leat – May the road rise to meet you

Ar mhuin na muice – On the pigs back

Do scíth a ligeant – To relax

Go tiubh tapaidh – Thick and fast

Is ciotóg mé – I’m left handed

Ag cur peann le par – Putting pen to paper

Guímis gach rath air – We wish him every success

N’fheadar – I don’t know

Ambaiste – Indeed/Really

Tá tú as do mheabhair – You’re out of your mind

Cogar, tar i leith anseo chugham – Listen, come over here to me

Cluiche caide ar siúl – A football game is on

Tá an cloigeann caillte agat – You’ve the head lost

Thugas bata agus bóthar dóibh siúd – I gave them the road

Íosa Chríost na bhflaitheas – Jesus Christ

Bhfuil sé sin sách soiléir duit? – Is that clear enough for you?