Muintir Chonamara ag tnúth go mór le teacht Méara an Bhostúin

0
890
Méara an Bhostúin

Tá Muintir Chonamara ag tnúth go mór le teacht Méara an Bhostúin a bheas ann an deireadh seachtaine seo.

Beidh Marty Walsh, Méara an Bhostúin, atá gaol aige le Chonamara de bharr gur as Carna a athair agus Ros Muc a mháthair, i gConamara an deireadh seachtaine seo.

Beidh Walsh i gCarna ar dtús ar an Satharn áit a mbeidh sé ag oscailt An tIonad Cuimhneacháin Eisimircigh go hoifigiúl ag 2.i.n an 12ú lá de Mí na Bhealtaine.

Cois taobh le Marty Walsh ar an Satharn beidh an Aire Stáit ag Roinn na Gaelteachta agus an Phríomh-Aoire Rialtais, an Teachta Dála, Joe McHugh.

Tá Carna agus Cill Chiaráin lonnaithe ar an cósta atá i bhfad san iarthar do Chonamara. Cuimsíonn an dá limistéir seo an leithinis do Iorrais Aitheach – ‘An Leithinis Gaofar’.

Tá an ‘Leithinis Gaofar’ cáiliúl de bharr a gcuid traidisiún saibhir do cheol, amhránaíocht ‘sean-nós’, damhsa ‘sean-nós’, béaloidis, agus scéalaíocht. Is pobal é atá géartha leis an iascaireacht thar na céadta agus tá traidisiún léargasach ag tógail báideanna – Galway Hookers agus báideanna seolteoireacht san áireamh.

Ach áit fíor dheacair a bhí ann le maireachtaint bhí an talamh bocht agus bhí an bonneagar go dona, a d’fhág muintir na háite ag tuilleamh go neamh rialta. Ní raibh an dara rogha ag an chuid is mó dos na daoine ach dul ar eisimirce. Inseoidh an tIonad Cuimhneacháin Eisimircigh an scéal sin.

Théis an tIonad Cuimhneacháin Eisimircigh a oscailt go hoifigiúl i gCarna ar an Satharn, rachaidh Walsh go Cill Chiarán ar an Domhnaigh áit a mbeidh sé á nochtú pleaic ar son muintir na háite a d’imigh thar lear chun saol nua a dhéanamh dóibh féin.

Labhair Micheál Ó Cadhain, ó Tigh Chadhain, Cill Chiarán faoin áthas atá air an phobal ar fad fáilte a thabhairt do Marty Walsh ar an nDomhach.

https://www.facebook.com/CoynesBarWildAtlanticWay/photos/a.350993061628190.79306.145519038842261/1741646482562834/?type=3&theater 

 

“Táimid ag tnúth go mór le cuairt Méara an Bhostúin a bheas ag teacht go Cill Chiarán ar 13ú lá de Mí na Bhealtaine, atá a mbeidh pleaic á nochtú aige ar son muintir na háite a d’imigh thar lear le saol nua a dhéanamh dóibh féin,” a dúirt Michéal.

“Tá brat na hÉireann crochta cheana féin againn in ómós dóibh sin atá imithe agus nár tháinig thar nais mar aon leo siúd atá imithe agus b’fhéidir nach dtiocfaidh siad thar nais.

“Cibé cén áit a bhfuil siad ar domhan tá a fhios acu go bhfuil brat na hÉireann ar nós íomhá agus ní ndéanfaidh siad dearmad ar sin agus iad imithe leo.

“Tiocfaidh an Méara go dtí lár Cill Chiarán agus beidh taispeántas ceol ag na ceoltóirí áitiúla – ceol traidisiúnta agus sean nós agus damhsa na sean nós.

“Beidh muintir na háite go léir bailithe agus théis an taispeántas ceol beidh siúlóid cuimhneacháin Daniel Ó Conaire ar siúl. Tosnóidh Marty Walsh an siúlóid 10k, agus beidís ag bailiú airgid i gcóir díbhibrileoir le haghaidh an cheantar.”

https://www.facebook.com/CarnaCaiseal/photos/a.439014302076.231288.251664267076/10154371535067077/?type=3&theater 

 

Mar focal dheireadh labhair Micheál Ó Cadhain faoin dóchas atá aige agus muintir na háite nach mbeidh gá le daoine dul ar imirce a thuilleadh.

“Tá daoine atá imithe as an cheantar seo go dtógfainn siad an oidhreacht agus an cheol leo agus táimid ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh sa cheantar seo ag iarraidh greamú a dhéanamh ar an dífhostaíocht agus mar sin de sa cheantar ionas nach mbeidh aon imirce ann níos mó.”

Beidh Marty Walsh, Méara an Bhostúin, i gCarna ar dtús ar an Satharn an 12ú agus ansin beidh sé i gCill Chiaráin ar an Domhnach an 13ú.