Moltaí tugtha ag Pobal Iorras Aithneach do Gearóid de Faoite

0
1185
Plean Gníomhaíochta Forbartha ag Údarás na Gaeltachta do Iorras Aithneach- Galway Daily

Tá moltaí tugtha ag Pobal Iorras Aithneach chuig Gearóid de Faoite agus iad ag siúl leis an chéad dréacht don phlean a fheiceáil go luath.

Tá plean forbartha 5 bhliana beartaithe ag Údarás na Gaeltachta do cheantar Iorras Aithneach agus chuir pobal na háite moltaí le chéile do seo.

Táthar ag súil go mbeidh beirt lán aimsireach a fhostú le haghaidh an plean forbartha 5 bliana a chuir le chéile.

Chuireadh comhairle chun cinn chun Conamara Láir a bhriseadh suas ina dtrí chuid agus oifigeach forbartha a leagan ar gach ceantar.

  1. Rosmuc/Camus
  2. Cill Chiaráin/Carna
  3. Caiseal/An tSraith Salach

Chuir Méara Bostún Marty Walsh moladh chun tosaigh níos luaithe i mbliana, chun Iorras Aithneach/Rosmuc a cúpláil le Boston i meabhrán tuisceana a fhorbairt go Acadúil, Eacnamaíoch agus ceangail Cultúrtha.

Ó thaobh na seirbhísí de seo na moltaí a chuireadh chun cinn:

  • Tá baile seirbhísí ag teastáil do gach dobhacheantar (Rosmuc/Cill Chiaráin/Carna) le haghaidh seirbhísí bunúsacha a chuir i bhfeidhm ar nós: fáil ar leasaigh shoisialta, oifig cánach, leabharlan, diúscairt dramhaíola.
  • Leathanbhanda – le cabhair a thabhirt do gnóthaí beaga ioaíocht agus chun deis a thabhairt do dhaoine oibriú as an mbaile (lorg carbóin a laghdú)
  • Bóithre a fheabhsú – uasghrádú iomlán don R340, rud atá ag teastáil le haghaidh gnóthaí/turasóirí a tharraingt isteach.
  • Tá géarghá le tithíocht shóisialta/tithíocht inacmhainne- an cheantar a bheidh istigh i bplean forbartha an chontae.
  • Leathnú ar Champas Satailíte ag NUIG/Charna (le cúrsaí lán-aimsire agus páirt-aimsire)
  • Iompar Phoiblí – Nasc idir ceantar Charna/Chill Chiaráin/Rosmuc/Camus le bus Chasla/Gaillimh (i.e. bus nasc– ag freastal ar na ceantair gach 2 uair a chloig chun ceangail a dhéanamh le bus seirbhís Gaillimh – An Cheathrú Rua)
  • Bunú seirbhís ‘Béilí ar rothaí’ do cheantar Iorras Aithneach Gnó/Bia
  • Monarchan nua a thógáil agus uasghrádú a dhéanamh ar na foirgneamh atá ag Údarás na Gaeltachta sa gceantar faoi láthair.
  • Comharchumann Sliogéisc Chonamara a thosú arís i gceantar Iorras Aithneach
  • Bunú co-op feamainne sa gceantar chun cuidiú le na fómharaí feamainne áitiúla
  • Forbairt ar marina i gCill Chiaráin le pontún i gcór turas farraige, snámh, spóirt uisce – cadhc, clársheoltóireacht srl. Ranganna seoltóireacht seachtaine agus seirbhís go hOileáin Árainn.
  • Cúnamh a thabhairt do gnó áitiúla chun a gnó a mhéadú trí spás/maoiniú/ treoir saineolaí
  • Cuidiú le Páirc na Mara
  • Bunú iosta inneall níocháin/triomadóir sa gceantar
    Cultúir
  • Amharclann nua agus Ionad sean-nós (Amhrán & damhsa) chun cur chun cinn agus caomhnú an traidisiún láidir i gceantar Iorras Aithneach
  • Bunú arís seó bhliantúil Chapaill Chonamara i gceantar Charna/Chaladh bhFhuinnse
  • Tacú le Coláiste Seosaimh Gaeilgeoirí – díol níos fearr a dhéanamh ar cheantar Chill Chiaráin agus Charna
  • Comhartha móra eolais ar thaobhanna na mbóithre do thurasóirí chun iad a chur ar an eolas faoi na seirbhísí atá ar fáil sa mbaile ina bhfuil siad (Carna/Cill Chiaráin/Rosmuc)
  • Comhartha beaga le Logainm an bhóthair i nGaeilge cosúil le ceantar Chois Fharraige
  • Eagrú deireadh seachtaine Siúlóidí Oidhreacht i gceantar Iorras Aithneach
  • Turasóireacht
  • Srianadh ar Bhóthar na Scrathóg chun rochtain áitiúil amháin le teorannú meáchan (i.e. gan cead busanna ar an mbóthar)
  • Bunú suíomh campála sa gceantar le seirbhísí bunúsacha i.e uisce, cith, leictreachas srl
  • Nasc/forbairt ar chosán siúlóide ar Chnoc Mordán idir na bailte Loch Con Aortha/Coill Sáile/Cill Chiaráin/Áird Mhór/Carna – Siúlóidí cnoic
  • Forbairt ar Chonair Sí ‘Fairy Trail’ do ghasúir le ceangail isteach leis na siúlóidí
  • Forbairt ar gnó busanna turasóireacht atá ábalta turais áitiúla a eagrú
  • Forbairt nasc idir gnó busanna móra agus gnó busanna beaga áitiúla
  • Bunú Féile Farraige/Féile Oisrí i gCill Chiaráin – ceangail le BIM/Foras an Mara/Fáilte Ireland
  • Logáil Lay-By’s turasóireachta in áiteanna radharcach i gcór busanna/caranna ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin (Rosmuc/Cill Chiaráin/Carna)
  • Cabhrú le heagrú turais áitiúla bád, portach agus cnoc srl
  • Sean teach ó am an Ghorta/ Sean teach baile Chonamara – Lá sa saol. Ainmhí á mbeathú/ dul ar an bportach/ fataí a bhaint/ taitneamh a bhaint as ceol agus amhráin.
  • Béim ar shuíomh seandálaíochta – Crannóg i Ruisín na Manaigh
  • Tuilleadh:
  • Tacú le scéim/gnó rothair ar cíos sa gceantar
  • Bunú gáit aclaíochta sa gceantar atá fáil air i rith na bliana
  • Díriú ar an mbrú uisce íseal atá i gceantar Iorras Aithneach (Uisce Éireann)
    Áis an Óige – Cinéal ‘Monkey Business’ – oscailte laethúil do pháistí/tuismitheoirí