Molscéal bainte le Pobal na Gaeilge agus Aip nua beo acu anois

0
941
Aip Molscéal ar an bhfón

Aip iontach úsáideach curtha le chéile ag foireann Molscéal agus é dírithe ar Pobal na Gaeilge.

Nach mór bliain iomlán atá Molscéal ar an bhfód anois agus na scéalta acu dírithe ar an chroí lucht féachana, iad siúd a bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga acu agus ag mealladh an t-aois grúpa 35+.

Dé Céadaoin seo chaite an 5ú Meán Fómhair ag Seoladh Sceideal Fómhair TG4, sa Tribeton, labhair Eagarthóir Molscéal, Deirdre Ní Choistín maidir leis an Aip Molscéal atá beo acu anois agus í éasca le íoslódáil ar an PlayStore agus an AppStore.

Seo mar a dúirt Deirdre ar an lá,

“Tá Molscéal bainte le Pobal na Gaeilge, aon rud bainte le teanga, baineann sé le daoine agus pobal agus tá chuile scéal a bhíonn ar Molscéal bainteach le Pobal na Gaeilge anseo sna Gaeltachtaí agus sna Cathrachaí agus thar sáile.

“Tá painéal do dhaoine a bhíonn ag cruthú ábhar atá lonnaithe ina bpobal féin agus roghnaíonn siad scéalta atá spéis ag an pobal féin iontu.

“San aip atá beo anois ar PlayStore agus an AppStore, tá scéaltaí ann ó gach ceann na tíre. Is féidir do réigiún a roghnú do na scéalta.

“Chuireadh tús le seo nach mór bliain ó shin agus go dtí seo tá 1.6 milliún amharc físeán fáilte. Léiríonn sé go bhfuil éileamh ag Pobal na Gaeilge ar gearrfhiséan i nGaeilge a bhaineann leo féin agus an Pobal agus tá ábharacha agus siamsaíocht don saol agus sin an chur chuige atá anois.”

Aip iontach úsáideach í Molscéal ó thaobh an áisiúleacht de. San Aip seo tá sé rannóg a bheas ann go deo:
1. Nua
2. Nuacht
3. Sport
4. Siamsaíocht
5. Trendáil
6. Cartlann

Is féidir brú trasna ar an roghchláir agus feictear chuile rannóg atá ann, agus tá rannóg eile ann dos na Réigiún. Tá sé iontach áisiúl gur féidir dul isteach sna socruithe agus do rogha réigiún a roghnú.

 

Feictear go bhfuil Connacht roghnaithe mar Réigiún agamsa ach tá sin éasca le n-athrú má théann tú chuig socruithe agus brú ar an réigiún atá ann. Tabhairfidh sin isteach sna réigiún eile atá ann agus is fédir leat pé cheann is mian leat a roghnú théis sin. Mar seo thíos;

Ceann dos na rannóg is ansa liom ó thaobh an Aip Molscéala dé ná an Cartlann agus #anláseo, mar gurb féidir féachaint siar go dtí an la sin blianta ó shin. Sár obair déanta ag Mícheál Ó Floinn a bhíonn i mbun na scéalta #anláseo a roghnú.

Tá Mícheál théis ainmniúcháin a fháil sna #Gradaim 18 do Feachtas Meán Soisialta na Bliana. Go néirí go geal leis.

Seo mar atá daoine ar Twitter ag labhairt faoi Molscéal.

Is léir go bhfuil suim iontach san aip agus cén fáth nach mbeadh. Tá sí iontach áisiúl le n-úsáid agus gearrfhíseán ar fad atá ann do pobal na Gaeilge cruthaithe acu siúd atá lonnaithe sna pobail sin. Bainigí triail aisti. Déan Aip Molscéal a íoslódáil gan moill.