Líon na Fuirseoirí a bheas ag an Vodafone Carnival Comedy ainmnithe

0
748
Fuiriseoirí a bheas ag an Vodafone Comedy Carnival ainmnithe

Maidin inniu, Déardaoin an 23ú Lúnasa, ainmníodh líon na fuirseoirí a bheas ag an Vodafone Carnival Festival i mbliana.

Féile iontach maith a bheas ann i mbliana agus líon mór fuirseoirí ainmnithe don tseachtain a bheas ag tosú ar an 23ú Deireadh Fomhair go dtí an 29ú Deireadh Fomhair.

I measc na fuirseoirí atá ainmnithe, tá Jason Byrne, Karl Spain, Dylan Moran, Al Murray, Enya Martin(Giz a Laugh), Andrias de Staic, Paraic Breathnach agus tuilleadh eile.

Meascán do fuirseoirí a bheas ann idir óg agus aosta, idir daoine aonarach agus grúpaí. Seachtain den scoth lán de ghreann a bheas ann agus is féidir na ticéidí a cheannach ó Dé Máirt seo chughainn an 28ú Lúnasa.

Beidh na himeachtaí ar siúl in áiteanna difriúla mórthimpeall na cathrach agus is féidir tuilleadh eolas a fháil faoi seo ar an suíomh Vodafone Comedy Carnival Festival.